Is oileán miotasach é Uí Bhreasail (aitheanta as Béarla mar Hy-Brasil nó roinnt leaganacha eile[1]), suite a dúradh i lár an Aigéin Atlantaigh ó thaobh thiar d'Éirinn.[2] De réir miotais na nGael, bhíodh sé faoi bhrat ceo seachas lá amháin re seacht mbliana, nuair a bhíodh sé sofheicthe ach dobhainte.

Uí Bhreasail (fad ar chlé) léirithe in aice le hÉirinn ar léarscáil le hAbraham Ortelius (1572)

Sanasaíocht cuir in eagar

Is doiléir í sanasaíocht an ainm Breasal anseo. De réir béaloideas Gaelach, deirtear go bhfuil sé ainmnithe as muintir Uí Breasail, clann ársa i n-oirthuaisceart na hÉireann. As SeanGhaeilge, áfach, is féidir na focail a leanas a aithint ann: Í: inis, oileán[3]; agus bres: áilleacht, luach, mór, cruthach.[4][5]

In ainneoin an cosúlacht, níl nasc ar bith idir an tír Brasaíl agus an oileán miotasach. Tá an tír ainmnithe as an grcann dúchais Breasaíleach, ar a dtugtar an sanas "dearg mar aibhleog", fréamhaith ón Laidin brasa ("aibhleog") agus an réamh-mhír ‑il‑iculum‑ilium).[6][7]

Léarscáileanna cuir in eagar

Siar chomh fada le 1325, d'aithin cairt mhuirí oileán darb ainm Bracile ó thaoibh thiar d'Éirinn san Aigéan Atlantach, 'sé sin, i gcairt phortalach le hAngelino Dulcert. Níos deireanaí, bhí sé ar léarscáil Veinéiseach (1436) le hAndrea Bianco mar Insula de Brasil, taobh le hoileán níos mó de shraith oileán san Atlantach. D'aithníodh seo ar feadh tréimhse le Terceira sna hAsóir.

I gcairt Chatalóinise thart ar 1480, aithnítear dhá oileán 'Illa de Brasil', ceann amháin ó thaobh thiartheas d'Éirinn (suíomh na háite miotasaí, mar dhea) agus ceann eile ó thaobh theas den "Illa verde" nó An Ghraonlainn.

Léiríodh ar léarscáileanna gur chiorclach é an t-oileán, go minic le caolas nó abhainn lárnach ag síneadh soir-siar trasna a thrastomhais.

Ag lorg an oileáin cuir in eagar

Chuaigh loingis amach ó Bhriostó sna blianta 1480 agus 1481 ar lorg an oileáin. Go gairid tar éis teachta abhaile John Cabot in diaidh a loingis féin sa bhliain 1497, scríobh Pedro de Ayala gur aimsíodh cheanna an tír a d'ath-aimsigh Cabot ag "na fir as Briostó a d'aimsigh Breasail".[8]

Sa bhliain 1674, mhaígh 'Captain John Nisbet' go bhfaca sé an t-oileán ar turas ón Fhrainc go hÉirinn, agus dúirt sé go raibh ann coiníní dubha móra agus draíodóir a bhí ina haonar i gcaisleán cloiche. Ba chumadóireacht iad áfach an carachtar agus an scéal leis an údar Éireannach, Richard Head.[9]

Deir Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh linn ina A Chorographical Description of West or H-Iar(sic) Connaught (1684): "Tá anois ar marthain Murrogh Ó Laoí, a shamlaíonn go raibh sé féin ar oileán Uí Bhreasail le dhá lá, agus go bhfaca sé uaidh Oileáin Árann, Gólam (gar do Leitir Mealláin), cnoc Iorrais Bhig agus áiteanna eile ar an tír thiar a raibh aithne aige orthu."[10]

Rinneadh nasc fosta issue Oileáin Uí Bhreasail agus an Banc Porcupine, scairbh san Aigéan Atlantach tuairim is 200 km siar ó Éirinn [11] agus aimsithe sa bhliain 1862. Chomh luath is an bhliain 1870, léitear páipéar ag Geological Society of Ireland ag moladh na sainaitheanta seo.[12] Ó shin i leith, chonacthas an moladh in eagrán sa bhliain 1883 de Notes and Queries[13] agus i roinnt fiosrúchán den 20ú haois, san áireamh ar na mallaibh an saothar Underworld: The Mysterious Origins of Civilization le Graham Hancock.

Cultúr na nDaoine cuir in eagar

De bharr cosúlacht na n-ainmneacha, glaoitear "Hy Brasil" ar Mheiriceá Theas sa saincheadúnas ficsean eolaíochta Warhammer 40,000 (en).

Sa Lyonesse Trilogy le Jack Vance, is 'Hybras' é ainm an oileáin is mó desna Elder Isles. Insítear i mbrollach an chéad leabhair gurb é seo bunús an ainm 'Hy-Brasil'.

Sa scannán Erik the Viking, bhí ar na carachtair dul ar turas go dtí oileán Uí Bhreasail chun corn draíochta a fháil.

Féach freisin cuir in eagar

  • Tech Duinn, oileán miotasach ó thaobh thiar d'Éirinn, a théann anamacha ann tar éis báis.
  • Great Ireland, oileán mar an gcéanna ó thaobh thiar d'Éirinn, a deirtear go raibh tionchar ag a mhiotas ar na Lochlannaigh.

Foinsí cuir in eagar

  • Freitag, Barbara (2013). "Hy Brasil: the metamorphosis of an island: from cartographic error to Celtic Elysium". Amsterdam: Rodopi. 
  • Sean Lynch (2010). "Preliminary Sketches for the Reappearance of HyBrazil". Utopian Studies 21 (1): 5–15. doi:10.1353/utp.0.0003. 

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hy Brasil, Hy Breasil, Hy Breasail, Hy Breasal, Hy Brazil, I-Brasil
  2. Chisholm, Hugh, eag. (1911). "Brazil, or Brasil", Encyclopædia Britannica, Iml. 4 (11th eag.). Cambridge University Press, lch. 438
  3. 1 Í ar eDIL, inis
  4. 1 bres (d), áilleacht, luach; 2 bres, mór, cruthach; ar eDIL
  5. McKillop, James (1998). "A Dictionary of Celtic Mythology". Oxford University Press. 
  6. CNRTL – Centre National de Ressources Textuelles et Lexicales
  7. Michaelis – Moderno Dicionário da Língua Portuguesa
  8. Seaver, K.A. (1995) The Frozen Echo, Stanford University Press, lch. 212 ISBN 0-8047-3161-6
  9. Barbara Freitag, Hy Brasil: The Metamorphosis of an Island, Rodopi, 2013.
  10. As Béarla: "There is now living Murrough O'Ley, who imagines he was personally on O'Brasil for two days, and saw out of it the isles of Aran, Golamhead (by Letter Mullen), Iorrasbeghill, and other places of the west continent he was acquainted with."
  11. Velasco, Francisco (2008). "Distribution, abundance, and growth of anglerfish (Lophius piscatorius) on the Porcupine Bank (west of Ireland)". ICES Journal of Marine Science 65 (7): 1316. doi:10.1093/icesjms/fsn130. Dáta rochtana: 18 November 2010. 
  12. Winsor, Justin (1889). "Narrative and critical history of America (Volume 01)". Houghton, Mifflin and Company. 
  13. Frazer, W. (December 1883). "O'Brazile or Hy Brazile". Notes and Queries s6-VIII (207). doi:10.1093/nq/s6-VIII.207.475a.