Patricia Forde

scríbhneoir Éireannach

Is scríbhneoir do pháistí í Patricia Forde (a rugadh sa bhliain 1960). Ceapadh í mar Laureate na nÓg 2023-2026.

Infotaula de personaPatricia Forde
Beathaisnéis
Breith1960
63/64 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht, litríocht do pháistí, ficsean óg, drámaíocht agus dramatic game (en) Aistrigh
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Suíomh gréasáinpatriciaforde.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: PatriciaForde1 Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil

cuir in eagar

Dátheangach ó aois an-óg, d'fhás Forde suas i nGaillimh. Chuaigh sí isteach sa Taibhdhearc agus í deich mbliana d’aois mar aisteoir. Stiúraigh sí drámaí ansin níos déanaí.

Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í Forde. D'éirigh sí ina múinteoir bunscoile in 1981. Chaith sí tréimhse ina Stiúrthóir ar Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe go luath sna 1990idí. Chomhbhunaigh sí Féile Idirnáisiúnta Ealaíon Babaró do Leanaí na Gaillimhe in 1996 agus is duine de bhaill tosaigh Macnas í.

Saothar agus aitheantas

cuir in eagar

Scríobhann Patricia Forde do gach aoisghrúpa i nGaeilge agus i mBéarla. ​ Foilsíodh a chéad úrscéal do léitheoirí níos sine, The Wordsmith, in 2014 le hardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí. Bhain sé White Raven Award ó International Youth Library, tá sé ina Notable Book for Children ag an gCumann Leabharlann Meiriceánach sna Stáit Aontaithe, agus bhí sé ar an ngearrliosta do Ghradaim Leabhar na Bliana de chuid Leabhair Pháistí Éireann in Éirinn (Gradaim Leabhair Pháistí Éireann KPMG anois).[1]

In 2019, roghnaíodh a leabhar Bumpfizzle the Best on Planet Earth mar Citywide Read UNESCO Bhaile Átha Cliath 2019.​ In 2020 d'fhoilsigh sí leabhar pictiúr i mBéarla agus i nGaeilge faoi Hy-Brasil (To the Island/An tOileán Thiar) ​le Little Island Books a coimisiúnaíodh chun ainmniú Chathair na Gaillimhe mar Chathair Chultúir 2020 a cheiliúradh, agus a tugadh saor in aisce do leanaí ar fud na Gaillimhe.​

In 2023, fógraíodh Patricia Forde mar an seachtú duine a ceapadh mar Laureate na nÓg – Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann.[1]

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Céim Dochtúra (oinigh)[2] ar Forde in 2023.[3]

Is iarchathaoirleach i Forde ar Leabhair Pháistí Éireann.  

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 "Patricia Forde announced as Ireland’s seventh Laureate na nÓg" (Irish). author.artscouncil.ie (2023-05-29). Dáta rochtana: 2024-11-05.
  2. Dochtúir sna Dána (DArts)
  3. Ollscoil na Gaillimhe (2023). "Patricia Forde". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-11-05.