Marie Henri d'Arbois de Jubainville

staraí Francach

Ba staraí agus focleolaí Francach é Marie Henri d'Arbois de Jubainville (5 Nollaig 182726 Feabhra 1910). In Nancy na Fraince a rugadh é. Abhcóide ba ea a athair Charles-Joseph d’Arbois de Jubainville agus ba í Henriette de Beaufort de Gellercourt a mháthair. Cé gur Chríostaithe diongbháilte iad bhí éifeacht mhór ag Jean Jacques Rousseau orthu. Bhí an bheirt acu tugtha don tsiúinéireacht mar chaitheamh aimsire. Fuair Henri scolaíocht in Nancy agus i bPáras, agus fuair scoláireacht go École des Chartes mar ar bhain sé dioplóma mar chartlannaí palaegrafach amach.

Infotaula de personaMarie Henri d'Arbois de Jubainville

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Henri d'Arbois de Jubainville
Beathaisnéis
Breith5 Nollaig 1827
Nancy, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Feabhra 1910
82 bliana d'aois
14ú arrondissement Pháras (an Fhrainc)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole nationale des chartes Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilRecherches sur la minorité et ses effets dans la France coutumière au Moyen Âge
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair, seandálaíocht agus fileolaíocht
Gairmteangeolaí, cartlannaí, seandálaí, ollamh, staraí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCollège de France, ollamh (1882–1910) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnÉmile Jean Marie Ernault
TeangachaAn Fhraincis
Teaghlach
PáistePaul d'Arbois de Jubainville Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles Joseph d'Arbois de Jubainville (en) Aistrigh

Cáilíodh mar dhlíodóir é in 1850 ach a shuim i stair na Fraince a thiomáin i dtreo na cartlannaíochta é. Ar feadh tamaill freisin bhí sé ag smaoineamh ar dhul le sagartacht agus chaith bliain i gCliarscoil Nancy sula ndúradh leis nach raibh glaoch ó Dhia aige. Ocht mbliana is fiche a chaith sé mar chartlannaí in Aube gur éirigh sé as in 1880. D’fhoilsigh sé cuid mhaith leabhar faoi stair agus faoi chartlanna Champagne idir 1853 agus 1880. Tábhacht na gCeilteach i stair na Fraince a d’adhain a spéis i dteangacha. Bhí leabhair i dtaobh sheanlitríocht na hÉireann foilsithe aige chomh fada siar le 1878. Deir Joseph LothRevue Celtique II, 1911) gur thug sé turas ar an mBreatain agus ar Éirinn in 1881 agus le teann spéise i seanlitríocht na hÉireann gur chaith sé a dhúthracht ar fad ag foghlaim Gaeilge agus go háirithe an tSean-Ghaeilge. Bhí sé tar éis an Bhriotáinis a fhoghlaim agus nuair a bunaíodh cathaoir an Léinn Cheiltigh (Teanga agus Litríocht) sa College de France in 1882 ba é a ceapadh ina ollamh. Trí bliana ina dhiaidh sin ghabh sé stiúradh an Revue Celtique faoina lámh agus lean sé air sa chúram sin go dtí gur cailleadh é. Toghadh é ina bhall de chomhairle Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge (Fáinne an Lae 1 Aibreán 1899). Ainmníodh é ina oifigeach de la Legion d’Honneur i 1901. Bhronn Ollscoil Koningsberg céim oinigh air agus ainmníodh ina bhall oinigh de Acadamh Ríoga na hÉireann é i 1904. Nuair a bhí sé 78 bliain d’aois foilsíodh Mélanges H. d’Arbois de Jubainville..., 1906 le hómós dó. D’éag sé i bPáras ar 26 Feabhra 1910. Bhí an Táin aistrithe go Fraincis aige le tamall beag (An Claidheamh Soluis 5 Márta 1910). Phós sé Melanie de Plante-Wildentag in 1857 agus nuair a cailleadh í phós sé in 1863 Charlotte de Pinterville de Cernon agus bhí sliocht orthu. Gheofar cuntas cuimsitheach ar a bheatha agus ar a mhuintir in Dictionnaire de Biographie Francaise, [1939]. Chuir a mhac Paul leabharliosta dá shaothar ar fáil in Revue Celtique XXXII.

Chuir irisí náisiúnta na hÉireann spéis ann. Bhí alt, ‘M. d’Arbois De Jubainville and Irish in the new University’, in An Claidheamh Soluis 19 Meitheamh 1909; bhí cur síos air in Bean na hÉireann Uimhir 8 agus Uimhir 18 1909; agus in The Irishman 13 Márta 1916 cuireadh i gcló giotaí as alt le ‘N.D.E.P’. B’fhéidir gurbh í an chaoi a ndeachaigh sé i gcion ar Éireannaigh i bPáras an fáth is mó a bhfuil cuimhne air. In Bean na hÉireann Uimhir 23 (1911) scríobh M. Barry Delaney: ‘His great delight was to find an Irish-speaking Irishman. One of these, the late lamented Mr Synge, for some time aided him in his Irish cours in the College de France’. Bhí Synge ag freastal in 1898 ar ranganna Sean-Ghaeilge a bhí aige faoi dhó sa tseachtain agus d’iarradh Arbois de Jubainville air focail a rá de réir fhuaimeanna na Nua-Ghaeilge. Is mar gheall ar an spéis a bhí ag an scoláire i gcúrsaí na hÉireann i gcoitinne a chuir sé aithne ar Maud Gonne; ba í a chuir in aithne do Synge é. Tá aiste air ag Joseph Loth, ‘Le Celtique au Collège de France: Henri d’Arbois de Jubainville’ in La Collège de France (1530-1930), 1932. Is iad na leabhair leis is minice a luaitear: Introduction a l’étude de la littérature celtique, 1883; Essai d’un catalogue de la littérature épique de l‘Irlande, 1883; Le cycle mythologique irlandais et la mythologie celtique, 1884 (aistrithe ag R.I. Best faoin teideal The Irish Mythological Cycle and Celtic Mythology, 1903);L’épopée celtique en Irlande, 1892; La civilisation des celtes et celle de l’épopée homérique, 1899; Elements de grammaire celtique, 1903; Les druides et les dieux celtique en forme d’animaux, 1906; Táin Bó Cúalgne..., 1912.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar