Ortha
Is paidir nó beannacht an ortha a bhfuil bua speisialta (b'fhéidir osnádúrtha) ag gabháil léi. Is dócha go bhfuil bunús na n-orthaí le fáil sa ré réamhchríostaí agus go ndearnadh guí diaga díobh le himeacht aimsire. Is liosta le háireamh a bhfuil d'orthaí ann ach bhíodh trácht mór ar Ortha an Dul Amú nó Ortha na Seirce.
Ar cheann de na horthaí leighis a dhéantaí do lámh ghortaithe tá:
- Fuil le fuil,
- Cnámh le cnáimh,
- Lámh le láimh,
- Go leigheasa Dia agus Domhnach thú.
Macalla spéisiúil ar rann ó na Merseburger Zaubersprüche ón 8ú haois: ".. ben zi bena, bluot zi bluoda, lid zi geliden, sose gelimida sin. / .. cnámh le cnáimh, fuil le fuil, géag le géag, amhail is go bhfuil siad nasctha".
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |