Padraic Colum

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir bisiúil Éireannach ab ea Padraic Colum (8 Nollaig 188111 Eanáir 1972). Bhí sé ar phríomhphearsaí Athbheochan Litríochta na hÉireann, in éineacht lena bhean chéile Mary Colum. Scríobh sé filíocht, úrscéalta, drámaí, neamhfhicsean agus leabhair do pháistí.

Infotaula de personaPadraic Colum

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Nollaig 1881
Contae an Longfoirt, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Eanáir 1972
90 bliana d'aois
Contae Hartford, Connecticut, Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaReilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreBelles-lettres, filíocht agus Scéalta do Pháistí
Gairmscríbhneoir, drámadóir, múinteoir ollscoile, file, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Columbia Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Saothar
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0173365 IBDB: 7997
Musicbrainz: 8a2b0dca-358d-4f3f-895e-aecc0b15c085 Discogs: 1466209 IMSLP: Category:Colum,_Padraic Find a Grave: 35829606 Cuir in eagar ar Wikidata

A óige cuir in eagar

Rugadh Colum mar Patrick Columb i dteach na mbocht i gContae an Longfoirt, mar a raibh a athair ag obair. Eisean an chéad pháiste de ochtar a rugadh dóibh.[1] Nuair a chaill a athair a phost sa bhliain 1889, thug sé aghaidh ar Mheiriceá le páirt a ghlacadh i ruaig óir in Colorado. D'fhan Padraic agus na páistí eile lena máthair in Éirinn. Tháinig athair Coluim ar ais sa bhliain 1892, agus thug an chlann ar fad aghaidh go Glas Tuathail, i aice Bhaile Átha Cliath. Fostaíodh an t-athair mar leasbhainisteoir stáisiún traenach Chuas an Ghainimh agus Ghlas Tuathail. Chuaigh Pádraic go dtí an scoil náisiúnta áitiúil.

I ndiaidh do Susan Columb bás a fháil sa bhliain 1897, briseadh an chlann suas ar feadh tamaill. D'fhan Padraic agus deartháir amháin leis i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh a n-athair ar ais go Longfort leis na páistí eile. Chuir Colum críoch lena chuid scolaíochta an bhliain ina dhiaidh agus, in aois a 17 mbliana, d'éirigh leis i scrúdú agus tugadh post dó mar chléireach san Irish Railway Clearing House. D'fhan sé sa phost sin go 1903.

Ba sa tréimhse seo a thug Colum faoin scríbhneoireacht agus a casadh roinnt mórscríbhneoirí na hÉireann air, W. B. Yeats, Lady Gregory agus Æ ina measc. Chuaigh sé le Conradh na Gaeilge agus bhí sé ar an gcéad bhord ar Amharclann na Mainistreach.

Rogha saothair cuir in eagar

  • (1902) The Saxon Shillin' (dráma)
  • (1903) Broken Sail (dráma)
  • (1905) The Land (dráma)
  • (1907) Wild Earth (leabhar)
  • (1907) The Fiddlers' House (dráma)
  • (1910) Thomas Muskerry (dráma)
  • (1912) My Irish Year (leabhar)
  • (1916) The King of Ireland's Son (bailiúchán béaloideasa)
  • (1917) Mogu the Wanderer (dráma)
  • (1918) ''The Children's Homer,[2] (Novel) Collier Books, ISBN 978-0-02-042520-5
  • (1920) The Boy Apprenticed to an Enchanter,[3] (Novel) The Macmillan Company
  • (1920) Children of Odin: Nordic Gods and Heroes
  • (1921) The Golden Fleece and the Heroes Who Lived Before Achilles,[4] (Novel), Ill. by Willy Pogany The Macmillan company[5]
  • (1923) The Six Who Were Left in a Shoe (scéal do pháistí)
  • (1923) Castle Conquer (úrscéal)
  • (1924) The Island of the Mighty: Being the Hero Stories of Celtic Britain Retold from the Mabinogion, Arna mhaisiú ag Wilfred Jones, The Macmillan Company
  • (1924) At the Gateways of the Day (béaloideas ó Haváí)
  • (1925) The Bright Islands (béaloideas ó Haváí, an darna imleabhar)
  • (1929) Balloon (dráma)
  • (1932) Poems (bailiúchán) Macmillan & Co
  • (1933) The Big Tree of Bunlahy: Stories of My Own Countryside (scéalta do pháistí) Arna mhaisiú ag Jack Yeats
  • (1937) Legends of Hawaii
  • (1937) The Story of Lowry Maen (dán fada)
  • (1943) The Frenzied Prince (cnuasach de scéalta Éireannacha)
  • (1957) The Flying Swans (úrscéal)
  • (1958) Our Friend James Joyce (cuimhní cinn, le Mary Colum)
  • (1963) Moytura: A Play for Dancers[6] (Play)
  • (1965) Padraic Colum Reading His Irish Tales and Poems (Albam, Folkways Records)

Mar eagarthóir:

  • (1922) Anthology of Irish Verse Liveright, 1948; Kessinger Publishing, LLC, 2009, ISBN 978-1-4374-8759-6 [7]
  • (1923) The Arabian Nights: Tales of Wonder and Magnificence; The Macmillan Company

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar