Scéal de chuid na Scéalta Miotaseolaíochta is ea Altram Tí Dhá Mheadar (Meán-Ghaeilge Altram Tige Dá Medar). Faightear an téacs i Leabhar Fhear Maí.[1]

Seanmhiotas atá ann le hábhar Críostaí curtha isteach ann. Insítear conas a chuir Manannán mac Lir an ruaig ar na Tuatha Dé Danann sna síthe isteach, síthe amháin is Brú na Bóinne. Tarlaíonn fleadh sa bhrú eagraithe ag Elcmar agus tá ann agallamh idir Mhanannán agus Aonghas.

Tagann triúr ban áille ar altramas chuig Aonghas, Eithne ina measc. I ndeireadh na dála, baisteann Naomh Pádraig Eithne.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Acadamh Ríoga na hÉireann, LS 23 E 29, ff. 111r–116v, 99r