Galátaigh

pobail Cheilteach bunaithe san Áise Bheag

Galátaigh[1] (Gréigis: Γαλάται Galátai) a thugtar ar shliocht an 20,000 amhas Ceilteach ó threibh na Volcach (Laidin: Volcae), a d’earcaigh an Rí Nicomedes I na Bitíne, sa bhliain 278 R.Ch. Shocraigh siad síos sa cheantar thart ar Ghordion agus Ancyra (Ankara an lae inniu), ar a dtugtaí an Ghaláit ina ndiaidh. Bhí siad roinnte ina dtrí threibh, na Tolistobogaigh (Τολιστοβόγιοι, Tolistobogii), na Tectosagaigh (Τεκτόσαγες, Tectosages), lena bhfo-threibheanna na hAmbitoutaigh, na Toutobodiacaigh na Voturaigh. [2] agus an Trocmaigh (Αρόκμοι, Trocmi).

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaGalátaigh

Cineálgrúpa eitneach stairiúil
TeangaAn Ghaláitis
Creideamhildiachas Ceilteach
Ball deNa Ceiltigh
Tíreolaíocht
Ó dhúchasAn Áise Bheag
Stáitan Ghaláit
Cúige Rómhánach na Galatia

Luaitear na Galataigh freisin sa Tiomna Nua, eadhon i litir Phóil chuig na Galataigh.

Stair cuir in eagar

 
Maraíonn Galátach é féin agus a bhean chéile tar éis d'Atalas I de Phéargamas na Galataigh a shárú (Museo Nazionale Romano, an Róimh)

Sa bhliain 279 RCh. rinne na Ceiltigh ionradh ar na Balcáin agus chreach siad Deilfe i measc áiteanna eile. Sa bhliain 278, thug Nicomedes I na Bitíne (280 -255/3 RCh) cuireadh dóibh mar amhais chun an troid a bhuachan i gcoinne a dhearthár Zipoites. Ansin, thrasnaigh na Tolistobogaigh faoi Leonnorius (Σεωννώριος, Lonorius) agus na Trocmaigh faoi Lutarius (λουτούριος, Lutarius) an Heilléaspontas (Muir Mharmara) agus rinne siad ionradh ar an Aise Bheag, timpeall 20,000 gallóglach san iomlán, leath díobh ina ngaiscígh. Chabhraigh siad le Nicomedes é féin a dhearbhú.

Tar éis do Nicomedes na Galataigh a bhriseadh as seirbhís, thosaigh siad ag creachadh na bpobal sna tailte máguaird: na Trocmaigh ar an Heilléaspontas agus na Tolistobogaigh in Aeóilia agus san Ióin, agus chreach siad teampall Apalló i nDídima in aice le cathair Mhiléatas sa bhliain 277 RCh. Ar an láimh eile, rinne na Tectosagaigh léirscrios ar chríoch na bhFrigiach. Bhí an rí Seiliúcach Aintíochas I (281 -261 RCh) san iomaíocht ina gcoinne. Sa bhliain 268 RCh, tharla an cath cinniúnach, an cath eilifint, mar a thugtar air, inar sháraigh Aintíochas na Galataigh, a bhí níos líonmhaire, trí úsáid a bhaint as eilifintí cogaidh.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Galátach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-23.
  2. Johannes Hoops: Reallexikon der germanischen Altertumskunde. Walter de Gruyter, 1968, ISBN 978-3-11-018387-0, S. 564.
  3. Elmar Schwertheim: Kleinasien in der Antike. Von den Hethitern bis Konstantin (= Beck'sche Reihe 2348 C. H. Beck Wissen). 2., durchgesehene Auflage. Beck, München 2011, ISBN 978-3-406-50848-6, S. 75.