Is éard is An Gallach i mbéal báis ann ná cóip ársa Rómhánach déanta as marmar, de dhealbh Heilléanaíoch atá caillte anois, gur síleadh go raibh forgníomhaithe i gcré-umha, a bhí coimisiúnaithe am éigin idir 230 agus 220 RC ag Atalas I na Péargamoine (Sean-Ghréigis: Πέργαμον nó Πέργαμος), i gcuimhne ar an bhua a bhain sé amach ar na Galátaigh san Áise Bheag. Tá ainm an dealbhóra bhunaidh anaithnid, ach tá tuairim ann gurb é Epigonus dealbhóir cúirte le linn réimis Attalus I, a bhí freagrach as.

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneGallach i mbéal báis

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldealbh
Cruthaitheoiris cosúil luach anaithnid, tar éis saothar le Epigonus Pergamum Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraithPergamene Gauls (en) Aistrigh
Dáta a bunaíodh230 "RCh" ↔ 220 "RCh"
230í "RCh"
Coimisiúnta agAtalas I
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh17 haois
Áit ar tháinig air/uirthiVilla Ludovisi (en) Aistrigh
Seánraheroic nudity (en) Aistrigh, Ealaín na Róimhe, Ealaín na Gréige agus ealaín Heilléanaíoch
Gluaiseachtdealbhóireacht Heilléanaíoch
Déanta asmarmar Cuir in eagar ar Wikidata
Méid73 (airde) × 185 (leithead) cm
Capitoline Museums (en) Aistrigh (an Róimh) Cuir in eagar ar Wikidata
Catalógaíocht
Uimhir fardailS 747 Cuir in eagar ar Wikidata

Léiríonn an dealbh Ceilteach ag fáil bháis le réalachas suntasach, go háirithe san aghaidh, a d'fhéadfadh a bheith péinteáilte. Tá sé léirithe mar laoch Gallach le ghnáth stíl ghruaige croiméal Gallach. Fíor nocht atá ann ach amháin le torc muiníl. Tá sé ag luí ar a sciath tite agus a chlaíomh agus ábhair eile in aice leis.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar