Is éard atá i gceist le healaín na Róimhe ná an dual is tábhachtaí i dtraidisiún ealaíne an Domhain ársa thiar, agus stair na n-ealaíon san iarthar ó shin. Tharla athbheochan uirthi arís is arís eile ón luath-Mheánaois suas go dtí an 18ú céad.

Freascó ón bhliain 80 RC

Bunaithe go daingean ar an oidhreacht ealaíonta Ghréagach, sa phéintéireacht is an dealbhóireacht go háirithe. Ní mhaireann cuid mhaith dealbh clasaiceach Gréagach ach mar chóipeanna Rómhánacha. Ach bhí na dealbhóirí Rómhánacha iontach bunúil sa phortráidíocht lena gcuid bustaí is rilífí (mar shampla, ar chólún Tráiain is na háirsí caithréime), agus bhain caighdeáin amach nach ndearnadh arís go dtí an 18ú céad, b'fhéidir. Ní mhaireann mórán péintéireachta, ach bhíodh eachtraí ó Hóiméar agus radhairc tíre ó Óivid ar mhúrmhaisithe i dtithe Rómhánacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Róimhe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.