Is teicníocht ársa chun péintéireacht a dhéanamh ar bhallaí é an freascó, a tugadh chun foirfeachta sa 14ú-16ú céad san Iodáil. Le linn an Renaissance, rinneadh freascó go leor i séipéil, i bpáláis agus i mainistreacha.[1]

Freascó de San Proculus ón 7ú haois i Séipéal San Proculus, Naturns, an Tioról Theas, an Iodáil

Níl an freascó in úsáid ach go fíorannamh inniu.

Ullmhaítear an balla le suas le 4 chiseal plástair. Ansin cuirtear an ciseal leathdhéanach air, agus cuireann an t-ealaíontóir an dearadh air sin. Cuirtear an ciseal déanach den aolphlástar ar an mballa ansin. Agus é fós fliuch (fresco san Iodáilis) déanann an t-ealaíontóir an phéintéireacht le péint uiscebhunach.

Ní féidir ach cuid de chiseal déanach obair lae an ealaíontóra a chur ar an mballa.

Nascann na dathanna leis an bplástar trí imoibrithe ceimiceacha, agus mar sin bíonn siad an-bhuan. Ach éiríonn siad níos éadroime de réir mar a thriomaíonn siad, agus is gá don ealaíontóir é sin a chur san áireamh ina rogha dathanna.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
  2. Hussey, Matt (2011). "Freascó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.