I léirmheastóireacht ealaíne úsáidtear an téarma seo (le R mór) chun tagairt do rogha réamhbheartaithe d'ábhar péinteáilte gránna nó neamhidéalaithe, uaireanta chun dearcadh nó argóint shóisialta nó pholaitiúil a chur os comhair an phobail. Sa chiall seo léirigh Les Casseurs de Pierres (Na Bristeoirí Cloch, 1849) le Courbet anró na mbochtán is ísle sa bhFrainc. Le r beag, ciallaíonn an téarma go ginearálta, ach go doiléir, rud éigin cosúil le malairt na teibíochta. Bhíodh tuiscint ar an téarma mar thacaíocht le cosúlacht na fírinne san ealaín is an Nádúrachas i lár an 19ú céad sa bhFrainc. Faoi seo ní róshoiléir cad is réalachas ann ach nach osréalachas ná réalachas draíochta é.