Tarbhfheis
I Miotaseolaíocht na nGael, nós um comharba an rí a aimsiú ab ea Tarbhfheis (Sean-Ghaeilge tarbfeis nó tarb-ḟe(i)s(s)).
Sanasaíocht
cuir in eagarTá brí fleadh ag baint le feis, ach i dteannta sin sa tSean-Ghaeilge, bhí brí chodladh leis, mar a phléitear ar eDIL, 2 feis(s), fess (cé go luann an tagairt do tarbfeis don iontráil féin!). Tá Tuireadh eolais le fáil faoi tarb Compds. (a).
Nós
cuir in eagarDéantar cur síos ar an tarb-feis i scéalta na Rúraíochta, Togail Bruidne Da Derga agus Serglige Con Chulainn.
Um chomharba an rí a shocrú, d'itheadh fear, de ghnáth draoi, feoil agus glé-anraith tairbh bháin, go dtí go raibh sé sách. Luíodh sé ansin a chodladh, fad is a chanadh na draoithe ortha thairis, agus é ná an t-ór fírindi (ór fírinne). D'fheicfeadh an fear codlata i bhfís an rí le teacht.[1] Dá mba bhréag a d'inseodh an fear, ghearrfaí a chuid bheol de.[2]
Nuair a cheapadh Conaire Mór ina rí, tuaradh go dtiocfadh fear lomnocht an tsráid anall go Teamhraigh.
- Ar gach ceithre shlí go Teamhraigh, bhí triúr uisle ag fanacht le brat chun an fear tuartha lomnocht a ghléasadh […] Ach bhí iontas ar dhaoine na Teamhrach ámh gurbh ógánach gan féasóg é a bhí tuartha ag an tarbhfheis.[3]
Féach fosta
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 309.
- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 933.
- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 884. (bei Rudolf Thurneysen: Die irischen Helden- und Königssage bis zum siebzehnten Jahrhundert. Halle 1921, lch. 66.)