Máirtín Ó Cadhain

ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge

Ba scríbhneoir Gaeilge é Máirtín Ó Cadhain (13 Feabhra 1906[1]18 Deireadh Fómhair 1970) agus áirítear é ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge.[2][3] Foilsíodh trí úrscéal agus sé bhailiúchán gearrscéalta leis, chomh maith le hailt, aistriúcháin, léachtaí, béaloideas a bhailigh sé agus go leor eile. Cré na Cille an t-úrscéal an saothar is mó cáil a scríobh sé, agus aithnítear na gearrscéalta in An Braon Broghach go forleathan mar shárshaothair. Aithnítear cuid dá ghearrscéalta ar sheoda na litríochta nua-aimseartha. Meastar go coitianta go bhfuil Cré na Cille ar an úrscéal is úire agus is bunúsaí a tháinig ó aon scríbhneoir Éireannach ó aimsir James Joyce. Deirtear gur athchruthaigh Ó Cadhain prós na Gaeilge agus gur fhág léitheoirí is scríbhneoirí na teanga araon faoi chomaoin mhór aige.

Infotaula de personaMáirtín Ó Cadhain
Beathaisnéis
Breith1906
An Spidéal, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Deireadh Fómhair 1970
63/64 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir próis, múinteoir ollscoile, léirmheastóir liteartha, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaGaeilge Chonnacht, Béarla agus an Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMáirín Ní Rodaigh (1945–1965) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínSeosamh Ó Cadhain
Síniú

Ba mhúinteoir scoile, sclábhaí feirme, ball d'Óglaigh na hÉireann, agóidí, aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin agus ollamh le Gaeilge é freisin. Ba mhinic é sáite i bhfeachtais pobail agus teanga agus chaith sé seal ina ghéibheannach.[4]

Déantar staidéar ar a shaothair ar chúrsaí tríú agus dara leibhéal in Éirinn agus ar fud an domhain.

Saol cuir in eagar

Rugadh ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gConamara é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Duine dá dheartháireacha ba ea Seosamh Ó Cadhain. Um Meitheamh 1911 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil.

Múinteoir ... agus agóidí cuir in eagar

Bhuaigh an Cadhnach scoláireacht an Rí sa bhliain 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhse 1924–26 ag staidéar le bheith ina mháistir scoile i nDroim Conrach.

Ba dhuine teasaí, ceanntréan an Cadhnach.[5] Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann.

Múinteoir náisiúnta a bhí ann ón mbliain 1926 go dtí 1936 agus bhí sé ina rúnaí áitiúil don INTO sa bhliain 1930. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann (IRA), agus suim aige sa sóisialachas freisin. Is é a dúirt sé féin faoina chinneadh dul leis na hÓglaigh "Tá a fhios agam céard a thug san IRA mé. Ba chall troid le mo mhuintir, boicht na tuaithe, a fhuascailt."

Is lena linn a d’aistrigh an Cadhnach Sally Kavanagh le Charles Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha, 1932 (d’ullmhaigh an Dr Tomás de Bhaldraithe eagrán 1986).

Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um Shamhain, 1929. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go 1938; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail.

Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina cheann feadhna ar na hÓglaigh ann. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile. Briseadh as a phost é toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh.

 
Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Chaith an Cadhnach ansin tréimhse mar spailpín agus mar thimire. Ag deireadh na dtríochaidí bhí sé mar oifigeach earcaíochta leis an IRA. B'eisean a thóg Breandán Ó Beacháin isteach san eagraíocht i measc daoine eile.[6] Bhí an-mheas aige ar an oidhreacht a fuair sé óna mhuintir An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas.

 
An Scoil Náisiúnta, Ráth Cairn

Tréimhse imthreoranaithe cuir in eagar

 
An Currach

I dtús an Dara Cogaidh Dhomhanda, tharraing an Cadhnach seantithe éigin anuas air, agus gabhadh é in éineacht le cuid mhaith daoine eile a raibh baint ar bith acu leis an IRA. Gabhadh é Meán Fómhair 1939 agus as sin go mí na Nollag bhí sé i ngéibheann i mBeairic Chnoc an Arbhair. Bhí Ó Cadhain mar Rúnaí an Fháinne sa bhliain 1939. Níos déanaí, sa champa imthreoranaithe sa Churrach féin ba mhó a raibh suaimhneas air, áit a bhí saor ó thionchar an ghnáthphobail. Go deimhin, ní raibh fonn air é a fhágáil is cosúil.

 
Coláiste na Tríonóide

I Mí Aibreán 1940 gabhadh an Cadhnach tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid Tony Darcy, príosúnach poblachtach a fuair bás i bPríosún Mhuinseo ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i gCurrach Chill Dara é le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1918 anonn. In Aibreán a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go 26 Iúil, 1944. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil.

Deir Alan Titley:

‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóip agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’.Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo.[7].

Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. [N]íl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach… Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh.[8]. Dar le léirmheastóirí go bhfuil atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad).

 
Múrmhaisiú in ómós do Mháirtín Ó Cadhain in Aerfort Bhaile Átha Cliath (Meán Fómhair 2009) Dealraíonn sé gur baineadh an múrmhaisiú úd ó shin. Sliocht as Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca atá sa téacs.

Thit an Cadhnach amach le ceannasaíochta an IRA agus é ann. Níor chreid Ó Cadhain gur chóir tús a chuir le feachtas buamála de bharr gur cheap sé nach raibh an eagraíocht ullamh le tabhairt faoi.

Thosaigh sé rang Gaeilge istigh chomh maith[9], agus is iomaí Óglach de chuid an IRA a d'fhoghlaim an teanga ón gCadhnach. Is ag Máirtín a bhí an t-ardrang Gaeilge agus deirtear gurbh iontach an múinteoir é. Lár na bliana 1943 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gcoiste oideachais a raibh mar chúram aige na ranganna a eagrú. Níos deireanaí an bhliain chéanna bhí baint aige le coiste a chur ar bun chun straitéis a cheapadh don IRA, nuair a scaoilfí amach na príosúnaigh ag deireadh an chogaidh.

De bharr na moltaí a chuir Ó Cadhain chun cinn gur cheart na hairm a dhumpáil ar feadh píosa, caitheadh amhras air agus cuireadh ar fionraí é ón IRA in éindí le baill eile an choiste 'pending court martial'. Le linn a fhionraíochta ón IRA sa champa géibhinn, bhí deis aige díriú ar a chuid scríbhneoireachta mar nach raibh dualgas air ná cead aige ranganna a mhúineadh a thuilleadh ná a eagrú. Tugadh bord agus cathaoir dó, cé nár iarr sé aon phribhléid, agus luigh sé isteach ar an scríbhneoireacht. Ceadaíodh dó a chuid scríbhinní a chur amach as an gcampa chomh maith. Le linn na tréimhse sin sa Churrach, chuir sé an díolaim gearrscéalta An Braon Broghach le chéile.

In alt lena chomhghéibheannach, Maitiú Ó Néill, in eagrán speisialta den iris Comhar, a foilsíodh bliain tar éis bhás Uí Chadhain, tugtar léargas ar an gcúis ar cuireadh an Cadhnach ar fionraí ón IRA sa bhliain 1944. Comhar, Deireadh Fómhair, 1971 Faoi Ghlas ag Gaeil le Maitiú Ó Néill; [10]

Tús na Samhna an bhliain chéanna [1943] mhol Máirtín do Liam Leddy, Ceannfort an Champa, coiste a cheapadh le staidéar a dhéanamh ar staid na gluaiseachta agus le moltaí a dhéanamh faoi céard ba cheart a dhéanamh nuair a scaoilfí saor muid. Rinneadh amhlaidh.... Bhí roinnt cruinnithe againn ach is beag an dul ar aghaidh a bhí muid a dhéanamh. Chaill Máirtín a fhoighid. Dúirt sé go scríobhfadh sé féin na smaointe a bhí aige féin faoin scéal agus go ba cheart do chuile dhuine an rud céanna a dhéanamh. Dúradh go bhfanfadh muid le scríbhinn Mháirtín i dtosach. Ag an gcruinniú dár gcionn bhí an scríbhinn faoi réir aige. Ní mó ná go maith a thaitin sé leis an gcuid is mó de na baill. Briseadh mór leis an ngluaiseacht agus leis na modhanna traidisiúnta a moladh. Airm a dhumpáil go ceann píosa. Glacadh go raibh cliste ar an iarracht mhíleata go dtí sin. Séard a theastaigh réabhlóid i gcúrsaí smaointe. Trí eagraíocht a bheith ann, ceann a bhainfeadh leis an teanga agus le cúrsaí cultúrtha, ceann a dhéanfadh bollscaireacht faoin teorainn agus an ceann míleata. Bhí an coiste ar aon intinn gur cheart a dhul tríd an doiciméad agus chuile mholadh ann a chíoradh.... B'shin é an cruinniú deireanach a bhí ann. Fuair muid amach an tráthnóna sin go raibh an scéal curtha ar fud an Champa go raibh muid ag beartú feall a dhéanamh ar an Arm. Cuireadh Leddy agus a Chomhairle de dhroim seoil. Rinneadh amhlaidh leis na fochoistí ar fad, An Coiste Oideachais ina measc. Tugadh gach ball den Choiste, cé's móite de Sheán Ó Néill os comhair cúirt fiosrúcháin rúnda. D'iarr muid cúirt oscailte agus nuair a eitíodh muid, dhiúltaigh muid glacadh leis an bhfiosrúchán rúnda. Fógraíodh ansin go raibh muid `suspended from the Irish Republican Army pending court martial'. Sé an rud is mó a ghoill orainn ina dhiaidh sin nach raibh aon chead againn páirt a ghlacadh i gcúrsaí riaracháin an Champa ná in eagrú cúrsaí oideachais...
 
Áras Mháirtín Uí Chadhain, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
 
An Braon Broghach

Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair seo.

Saoirse ... de chineál éigin cuir in eagar

 

Sna 1930dí bhí lámh ag an Cadhnach san fheachtas a chuir Nua-Ghaeltacht ar bun i Ráth Cairn na . Ghlac sé páirt i bhfeachtas agóide a bhí ag éileamh tailte níos méithe do mhuintir na Gaeltachta. B'é ba thoradh an fheachtais seo gur cuireadh Gaeltacht nua Ráth Cairn ar bun i gContae na Mí.

I bhFeabhra na bliana 1945 phós an Cadhnach Máirín Ní Rodaigh, oide scoile ó chontae an Chabháin, ach bhí lámh is focal eatarthu le fada roimhe sin. Iníon Philip Ruddy ba ea Máirín agus ba mhúinteoir í i scoil lán-Ghaeilge. Bhí cónaí uirthi féin agus Máirtín i dtithe eágsúla timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus ní raibh aon chlann orthu riamh.

Chuir sclábhaíocht an aistriúcháin sa Dáil as dá chuid scríbhneoireachta, áit a raibh sé ina aistritheoir cáipéisí dlí don Oireachtas ón mbliain 1947 go dtí 1956.

Bhí an Cadhnach ina cholúnaí seachtainiúil don Irish Times ó 1953 go dtí 1956 is bhí ina léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1956.

Ba mhinic é ag coimhlint le Fianna Fáil is Fine Gael i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach.[11][12] Chuir sé troid orthu siúd agus ar an Language Freedom Movement ó thaobh na Gaeilge de, is níor éalaigh na Gaeilgeoirí féin, a bhí tar éis loiceadh, fiú. Cé go mba shóisialaí é ní raibh sé róthógtha leis na Cumannaigh.[13]

Na blianta deireanacha cuir in eagar

Chaith an Cadhnach na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge faoi 1969 é, agus ina chomhalta de chuid Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1970. Ainmníodh léachtlann ina onóir i gColáiste na Tríonóide, Téatar Mháirtín Uí Chadhain.[14] Bhí sé ina aoi-léachtóir in Ollscoil na Banríona chomh maith.[15]

Ba é a bhunaigh Misneach, eagraíocht a bhí dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge, agus a d'eagraigh stailc ocrais ar son na teanga sa bhliain 1966.

Sa bhliain 1969 thug an Cadhnach an príomhléacht ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh an léacht sin faoi chlúdach leabhair dar teideal Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Tá an aiste sin ar na cinn is tábhachtaí faoi scríbhneoireacht na Gaeilge dár foilsíodh riamh.

 
Reilig Chnocán Iaróm

Ba scríbhneoir cruthaitheach Máirtín a rinne an-fhorbairt agus an-aclú ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Thóg sé focail ó Ghaeilge na hAlban agus chum sé nua-fhocail amanna. Mar sin féin, chleacht sé gramadach a chanúna féin in áit na gramadaí caighdeánaithe in áiteanna.

Chónaigh sé in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath in imeacht na mblianta ach ba in 12 Garraithe na Gréine i nDartraí, cuid de Rath Maonais, a chaith sé an tréimhse b'fhaide astu sin.

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain ar an 18 Deireadh Fómhair 1970, go díreach nuair a bhí cor eile á chur de ag saol agus ag scríbhneoireacht na hÉireann. Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm é. D'fhág sé go leor scríbhinní neamhfhoilsithe ina dhiaidh a nochtadh de réir a chéile.

Seo a leanas sliocht as óráid Chian Uí Éigeartaigh os cionn uaigh Mháirtín lá a adhlactha, an 20ú lá de Dheireadh Fómhair 1970.

Bhí sé ina scríbhneoir, ina mhúinteoir, ina shaighdiúir, ina scoláire, ina chinnire. Bhí chuile cháilíocht acu sin tugtha chun foirfeachta ann. Ba é an fear ba mhó é dar fáisceadh as an nGaeltacht ó bhí Éire fré chéile ina Gaeltacht... Ach níor ghéill Máirtín riamh don éadóchas. ‘Níor dhúirt muide', ar sé, ‘muide Éireannaigh, gur throid muid ariamh an cath deireanach.’ ‘Sé an dóchas', ar sé arís, ‘an mhaidhmiú chuartach, an chain detonation a fheicim riamh anall i stair na tíre. Na géaga giniúna; an dóchas ag gint an mhisnigh agus an misneach ag gint an gnímh. Don ghlúin atá ag éirí suas agus don ghlúin a chuaigh romhainn, b'eiseamláir, ba chomhartha sóirt againn é ar gach a thuigeamar le hÉirinn, le Gaelachas. Ba é Máirtín a léirigh dúinn brí na bhfocal sin, eisean agus duine nó beirt eile. Ba chomhartha ar a shaol uilig an freagra a thug sé ar an gCanónach i gCarn Mór na Gaillimhe. Arsa an Canónach leis, ‘Ar ndóigh’, ar sé, ‘tá tusa bainteach le hÓglaigh na hÉireann.’ Chun an post a choinneáil, ní chaithfeadh Máirtín a rá ach ‘Cá bhfios duit?' Ach is é a thug sé d’fhreagra, 'Agus má tá, céard faoi?' Sa bhfreagra neamhleithscéalach sin, tá Stoc na Cille ag labhairt, an glór a chaithfear a éisteacht... glór tréan buan, atá ag cuartú siar aniar sa stair ó chuaigh crúb Sasanach don chéad uair i ngreim sa bhfód glas seo… Glór, 'Éire na staire, Éire an chian-thnutháin chun saoirse agus chun bheith ina hÉire, Éire na Gaeilge.' Glór pobail ar thóir a shealbha. Lenár linn, is trí ghuth, trí pheann agus trí phearsa Mháirtín Ó Cadhain, go háirid, a chuir an glór é féin in iúl.
 

Deir Alan Titley: ‘Nuair a fuair sé bás ... ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’[16]

Scríbhneoireacht cuir in eagar

B'fhada fairsing réimse liteartha Uí Chadhain. Ba bheag stíl nár fhéach sé cor léi. Rinne sé a chuid féin de shaothar go leor eile: Na Griannaigh agus Dostoyevsky, Gorky agus Kafka, T. S. Eliot agus Pádraig Ó Conaire. Ba é scríbhneoir mór engagé na Gaeilge é, fear a chosain i ngach cuid dá shaothar cruthaíoch firinne agus neamhspleáchas na healaíne.

Ba é ba mhó a d'fhorbair is a d'fhairsingigh prós na Gaeilge san fhichiú haois. Bhain sé suaitheadh as nach bhfacthas a leithéid ó aortha na seachtú haoise déag. Chuimsigh sé traidisiún teanga a théann siar go dtí aimsir na Tána.

Bhí eolas údarásach ag an Cadhnach ar litríocht agus cultúr na Gaeilge agus na hÉireann. D'fhoghlaim sé Gaeilge na hAlban, Breatnais, agus Briotáinis agus d'aistrigh ón trí theanga sin go Gaeilge. Rinne sé aistriúcháin ón mBéarla is ón bhFraincis chomh maith. Bhí eolas leathan aige ar Litríocht na hEorpa agus bhí léamh na Rúisise, na Gearmáinise agus na hIodáilise aige chomh maith le teangacha eile.[17] Chuir sé le Ciclipéid Ghearmánach na Litríochta Domhanda.

Cuireadh fáilte roimhe léachtaí a thabhairt ag Ollscoileanna timpeall na tíre. Níor tugadh cead don Chumann Seanchais agus Éigse i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é a bheith ag caint leo ann. Luann Breandán Ó hEithir an eachtra seo ina leabhar Over the Bar.

Amach ó Chré na Cille, scríobh an Cadhnach dhá úrscéal eile nár tháinig i gcló ach i bhfad i ndiaidh a bháis, sna nóchaidí. B'iad sin Athnuachan agus Barbed Wire.

Scríobh an Cadhnach leabhair gearrscéalta freisin, ina measc Idir Shúgradh agus Dáiríre, An Braon Broghach, Cois Caoláire, An tSraith dhá Tógáil, An tSraith Tógtha agus An tSraith ar Lár. Ba é an scríbhneoir próis ba mhó sa Ghaeilge lena linn é.

I measc na n-ainmneacha pinn a bhí aige bhí; Aonghus Óg, Breallianmaitharsatuanógcadhanmaolpote, D. Ó Gallchobhair, Do na Fíréin, Micil Ó Moingmheara, M.Ó.C.

Luathshaothair Uí Chadhain cuir in eagar

Áirítear na cnuasaigh ghearrscéalta Idir Shúgradh agus Dáiríre (ISD), An Braon Broghach (ABB), agus Cois Caoláire (CC) mar luathshaothar an Chadhnaigh. Braitheann roinnt léirmheastóirí go dtaispeánann ABB teacht chun aibíochta mar scríbhneoir. Deirtear leis go bhfuil teannas le braith i scéalta seo an Chadhnaigh. Díríonn an Cadhnach sna scéalta seo ar phobail faoi leith, pobail iargúlta Ghaeltachta don chuid is mó, pobail ar nós an phobail inar rugadh agus tógadh an Cadhnach féin.

 
Cois Caoláire

Saothair eile cuir in eagar

Bhí an Cadhnach gníomhach, chomh maith, mar iriseoir agus ag scríobh aistí, atá bailithe in Ó Cadhain i bhFeasta, Caiscín, agus Caithfear Éisteacht. Cuireadh amach comhfhreagras idir é féin san am a bhí sé i ngéibheann agus Tomás Bairéad faoin teideal As an nGéibheann. Bhí sé i gcruachás amanna, ó briseadh as a phost múinteoireachta é mar gheall ar a ghníomhaíocht Phoblachtánach.

Ní raibh an oiread sin measa ag Ó Cadhain ar an bhfilíocht. Dar leis, b'fhearr ábhair a phlé sa phrós amháin agus fuair sé de locht ar Ghaeilge na hAlban nach raibh ach filíocht á scríobh inti ar an mórgóir. Bhí breis filíochta á scríobh sa Ghaeilge ná mar a bhí sa Bhéarla an tráth úd dar leis, ach níorbh fhiú faic an fhilíocht chéanna i gcomparáid le tathag an phróis.

Téamaí cuir in eagar

Glacann an teannas idir daoine aonaracha agus éilimh an phobail ról fíorthábhachtach i scéalta an Chadhnaigh.[18]

Léirmheastóireacht cuir in eagar

In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.’

"Scríobh sé prós ba théagartha ná mar a scríobh aon Éireannach eile seachas Beckett agus Joyce", a dúirt Seán Ó Tuama. Ó Tuama, S. 1980. ‘Tiomna roimh bhás’, Comhar. Deireadh Fómhair. 55.

"D’éirigh leis saothar scóipiúil cumasach nua-aosach a chumadh nár sháraigh aon scríbhneoir eile Gaeilge san aois seo", a dúirt Gearóid Denvir. Denvir, G. 1998. Cadhan Aonair: saothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar. xiv.

"Gan an grá seo don Ghaeilge - grá ab ionann agus beophianadh - níl tuiscint ar anam Mháirtín Uí Chadhain, ar an bhfórsa diamhair a thiomáin chun cinn é in ainneoin príosúin, peannaid phearsanta, easpa sláinte agus bás na gcarad." Breandán Ó hEithir

Stíl cuir in eagar

I mórán de scéalta ABB cleachtann Máirtín Ó Cadhain an réalachas sóisialta.

 
Liam Mac Amhlaigh  - Leachtaí Uí Chadhain
 
The Dregs of the Day - a d'aistrigh Alan Titley. Tháinig borradh faoin aistriúchán ar shaothair an Chadhnaigh ó foilsíodh aistriúchán Cré na Cille.

Leabhair agus foilseacháin le Máirtín Ó Cadhain cuir in eagar

Paimfléid cuir in eagar

Aistriúcháin go Gaeilge cuir in eagar

Béaloideas cuir in eagar

Ó Cadhain i dTír Chonaill 2007 Cnuasach bealoidis a bailíodh i dTír Chonaill sa bhliain 1957

Taifeadtaí fuaime cuir in eagar

  • Máirtín Ó Cadhain (ceirnín) bailiúchán d'óráidí agus d'agallaimh a rinne sé.
  • Consain na Gaeilge (ceirnín), a d'fhoilsigh Spól sa bhliain 1968. Ba é Breandán Breathnach faoi deara foilsiú an cheirnín seo ina bhfuil ceacht foghraíochta á thabhairt ag Máirtín Ó Cadhain.
  • Máirtín Ó Cadhain Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge, ina bhfuil taifeadadh de Mháirtín Ó Cadhain ag léamh as Cré na Cille. Rinneadh é in München na Gearmáine sna 1960idí.

Leabhair agus aistí faoi Mháirtín Ó Cadhain cuir in eagar

  • Aindrias Ó Cathasaigh: Ag Samhlú Troda. Máirtín Ó Cadhain 1905-1970. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002.
  • Aindrias Ó Cathasaigh Cadhnaíocht: Aistí ar Mháirtín Ó Cadhain. Coiscéim, 2021.
  • Costigan, an tSiúr Bosco, le Seán Ó Curraoin. De Ghlaschloich an Oileáin: Beatha agus Saothar Mháirtín Uí Cadhain. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 1987.
  • Ó hÁinle, Cathal, ‘Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’, Coiscéim, BÁC, 1998.
  • Ó hAnluain, Eoghan, ‘Léargas Doilíosach: Gnéithe Áirithe de Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain’, Comhar (Deireadh Fómhair 1971) 10-15.
  • Denvir, Gearóid, ‘Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, BÁC, 1987.
  • ‘Maxim Gorky, Máirtín Ó Cadhain agus Riastradh na Scéalaíochta’, le Louis de Paor, Comhar (Nollaig 1990) 51-5.
  • Faoin mBlaoisc Bheag Sin, le Louis de Paor, Coiscéim, 1991, An aigneolaíocht i scéalta Mháirtín Uí Chadhain. Sa leabhar seo déantar anailís ar Ó Cadhain ó thaobh an méid a bhíonn ar siúl in aigne an duine ina chuid scéalaíochta.
  • Titley, Alan, ‘Máirtin Ó Cadhain & Foirm an Ghearrscéil’, Comhar, Deireadh Fómhair 1980. (Lgh. 34-36, 38-40.)
  • Ní Annracháin, Máire (eag.), Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Léachtaí Cholm Cille, 37, Maigh Nuad: An Sagart, 2007.
  • Carnabhal na Marbh Radvan Markus Leabhar taighde le duine de scoláirí móra na litríochta Gaelaí a phléann Cré na Cille i gcomhthéacs na tréimhse ina bhfuil aistriúcháin ar an úrscéal á scaipeadh go hidirnáisiúnta.
  • 'Máirtín Ó Cadhain 2020' (2023, de Paor & Mac Cárthaigh, eagarthóirí) Cló Léann na Gaeilge

Aistriúcháin ar a shaothair cuir in eagar

  • Kirkegårdsjord: gjenfortellinger i ti mellomspill (Cré na Cille), aistriúchán Ioruaise le Jan Erik Rekdal, 1995.
  • Churchyard Clay (Cré na Cille), aistriúchán Béarla le Joan Trodden Keeffe, U.M.I. Dissertation Information Service, SAM 1988.
  • The Road to Brightcity, aistriúchán Béarla le hEoghan Ó Tuairisc, Baile Átha Cliath, Poolbeg Press 1981.
  • Cré na Cille/Churchyard Clay (1949) - sliocht as an úrscéal, aistriúchán go Béarla de chuid Eibhlín Ní Allúrain agus Maitiú Ó Néill, in: Krino 11 (Samhradh na bliana 1991), S. 13–25.
  • Chuir Alan Titley aistriúchán amach faoin teideal The Dirty Dust. Aistriúchán scaoilte go maith atá ann agus Titley ag féachaint chuige beocht theanga Uí Chadhain a chur in iúl trí Bhéarla saibhir domhan an lae inniu a tharraingt chuige féin.
  • Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta sa bhliain 2014, arna roghnú ag an Ollamh de Paor.
  • Cré na Cille le Tim Robinson agus Liam Mac Con Iomaire.
  • Fuíoll Fuine a d’fhoilsigh Yale University Press mar leabhar beag ann féin, The Dregs of the Day, sa bhliain 2019
  • The Quick and the Dead: Selected Stories Aistriúcháin Bhéarla ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain, 2021. Yale University Press agus Cló Iar-Chonnacht. Tá ‘Becoming Paper’ (‘Ag Déanamh Páipéir’) agus ‘Marbling’ (‘Ag Déanamh Marmair’) sa chnuasach seo, gearrscéalta nach raibh in Rogha Scéalta. Is iad Alan Titley, Katherine Duffy, Úna Ní Chonchubhair, Louis de Paor, agus Lochlainn Ó Tuairisg a d’aistrigh.

Ábhair eile cuir in eagar

Tá portráid de Ó Cadhain a rinne Seán O'Sullivan i seilbh phríobháideach, agus dealbh bhrád le James Power i gColáiste na Tríonóide. Tá dealbh Mháirtín Uí Chadhain i gceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara. Tá a chuid scríbhinní i dtaisce sa leabharlann i gColáiste na Tríonóide.

I Mí Iúil 2022 nochtadh dealbh den mhórscríbhneoir ina cheantar dúchais i nGaeltacht Chois Fharraige. Ar an Airdín Glas taobh thoir de bhaile an Spidéil a nochtadh an dealbh, Dé Sathairn an 23 Iúil. Alan Ryan Hall, atá ina chónaí i nDairbhre, a rinne an dealbh chré-umha agus ba le tacaíocht agus le síntiúis ó eagraíochtaí Gaeltachta agus acadúla, agus ó dhaoine aonair i measc an phobail a thiomsaigh Iontaobhas Uí Chadhain an t-airgead leis an dealbh a dhéanamh agus a shuiteáil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=413 . "Is dóigh gur thart faoin am sin a cláraíodh an bhreith ach gur in Eanáir 1906 a rugadh é. Deir Costigan agus Ó Curraoin gurbh in Eanáir 1905 a rugadh é de réir an taifid baiste ach go raibh lúb ar lár áit éigin: ‘I dTeach an Chustaim is é a lá breithe cláraithe an 13ú lá d'Fheabhra 1906, agus ar chúl clúdach As an nGéibheann tugtar an dáta 20 Eanáir 1906’. Is léir ón bhfianaise atá ag a mhuintir gurbh ar 4 Eanáir 1906 a rugadh é agus nárbh in 1905 mar a chreid a bheathaisnéisithe."
  2. Denvir Gearóid, ‘Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, BÁC, 1987. Réamhrá IX.
  3. Máirtín Ó Cadhain, Ceist na mBan agus Ceisteanna Ban le Máire Ní Annracháin. Lch 39 in Ó hÁinle, Cathal, ‘Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’, Coiscéim, BÁC, 1998.
  4. Nuacht RTÉ (2022-07-23). "Omós á léiriú do Mháirtín Ó Cadhain ina cheantar dúchais" (as ga). 
  5. ‘gleo agus bruín agus éad’ lch 7, Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002.
  6. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  7. Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.
  8. Ó Cadhain, Máirtín ‘As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad’, Sáirséal agus Dill, BÁC, 1973.
  9. Bowyer Bell, 1970, 180-181
  10. Ó Néill, Maitiú, Faoi Ghlas ag Gaeil, Comhar, Deireadh Fómhair, 1971
  11. Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 13.
  12. Breathnach, Diarmuid, agus Ní Mhurchú, Máire, ‘1882-1982 Beathaisnéis 4’ lch 85, Máirtín Ó Cadhain, An Clóchomhar Teo, BÁC.
  13. Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 234. (Language Freedom Movement (Gluaiseacht Saoirse Teanga as Gaeilge) - gluaiseacht frithghaeilgeoireachta)
  14. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-18. Dáta rochtana: 2012-07-07.
  15. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  16. http://www.rte.ie/tv/rianfhocail/article.html
  17. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  18. ‘Is é mórthéama Uí Chadhain sna gearrscéalta an choimhlint idir mianta an duine aonair agus na bacanna a chuireann struchtúir áirithe i saol an phobail dar díobh é ar a fhorbairt phearsanta’ De Paor, Louis, ‘Maxim Gorky, Máirtín Ó Cadhain agus Riastradh na Scéalaíochta’, Comhar (Nollaig 1990) 51-5.
  • Bowyer Bell, J. (1970), The Secret Army, A History of the IRA, Cambridge: MIT Press.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar