Máirín Ní Rodaigh

múinteoir i scoil lán-Ghaeilge

Bean chéile an scríbhneora Éireannaigh Gaeilge Máirtín Ó Cadhain a bhí i Máirín Ní Rodaigh. Phós sí an Cadhnach i mí Feabhra 1945 agus bhí lámh is focal eatarthu ón tréimhse sular cuireadh sa champa géibhinn é. Bhásaigh sí roimhe sa bhliain 1965.

Infotaula de personaMáirín Ní Rodaigh
Beathaisnéis
BreithAn Cabhán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
BásDeireadh Fómhair 1965
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileMáirtín Ó Cadhain (1945–1965) Cuir in eagar ar Wikidata

Iníon Philip Ruddy as Contae an Chabháin ba ea Máirín agus ba mhúinteoir bunscoile í i scoil lán-Ghaeilge. Bhí cónaí uirthi féin agus Máirtín in árasán ar an gCuarbhóthar Theas agus d’fhan siad in árasáin éagsúla go dtí gurbh acmhainn dóibh teach a cheannach ag 3 Gairdíní na Gréine, Dartraí, i gceantar Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath agus ní raibh aon chlann orthu. Ba mhinic gaolta agus cairde as Conamara ag fanacht acu i gcaitheamh na mblianta agus chuirtí fearadh na fáilte rompu. Thosaigh Máirín ag múineadh i Scoil Lorcáin, gaelscoil i ndeisceart na cathrach, nuair a bunaíodh í i 1952.

Cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm í san uaigh chéanna inar cuireadh Máirtín ina diaidh.

Reilig Chnocán Iaróm

Tá crois cheilteach chomórtha a rinneadh as cipíní adhmaid i gcuimhne ar Shiobhán Ní Rodaigh (Sú) i seilbh phríobháideach. Inscríbhinn na croise ná I nDíl cuimhne Shiobhán Ní Rodaigh (Sú) a fuair bás an 12adh de Mheán Fómhair 1935 ar dheis láimh Dé go raibh sí. Máirtín Ó Cadhain a rinne agus luaitear 'An Campa Géibhinn, An Currach' leis.

Tábhacht Mháirín i gcomhthéacs Litríocht Uí Chadhain

cuir in eagar

Ina theannta sin, tarraingítear a bhean chéile, Máirín Ní Rodaigh - ceirtleith a anama, i bhfriotal Uí Chadhain féin - anuas ón aer den chéad uair chuig an léitheoir sa bhliain 1945 (l. 112). Cérbh í féin? Cárbh as í? Cén chaoi ar chas an lánúin ar a chéile? Cén tionchar a bhí aici ar an gCadhnach? Dhá thagairt fhánacha eile a thabhaíos sí nó go n-insítear scéal a báis in alt gearr amháin.

As Feasta Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain, 1905-1970 Aindrias Ó Cathasaigh