Lógó

Iris liteartha is ea Feasta. Foilsitear gach mí é. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an iris tríd an gcomhlacht foilsitheoireachta Clódhanna Teoranta, sa bhliain 1948.

Dar le lucht na hirise:

"Maireann Feasta chun an saol a phlé trí mheán na Gaeilge - litríocht, eolaíocht, polaitíocht. Is mó aidhm atá againn: an ghearrscéalaíocht a chothú; ardán a chur ar fáil d'fhilí na Gaeilge; scríbhneoirí óga a aimsiú agus a meanma a chothú; scoláirí dara leibhéal agus mic léinn tríú leibhéal a thabhairt i dtreo na scríbhneoireachta Gaeilge; tábhacht na teanga scríofa a áiteamh ar eagraíochtaí Gaeilge; ceardlanna scríbhneoireachta Gaeilge a chothú, agus teagmháil a fhorbairt idir Feasta agus ealaíontóirí súl. Ní miste linn ach oiread scríbhneoirí a aimsiú le seirbhís léirmheastóireachta a sholáthar, i gcás na leabhar Gaeilge atá ag dul i gcló ach go háirithe."

Ba é Pádraig Mac Fhearghusa eagarthóir na hirise ar feadh tamaill.

ConspóidCuir in Eagar

Sa bhliain 2017, deirtear gur haiceáladh an suíomh feasta.ie, gan eagrán nua ó Dheireadh Fómhair 2016

NaiscCuir in Eagar