An tUltach

Iris oifigiúil Chomhaltais Uladh de Chonradh na Gaeilge.

B'é An tUltach iris oifigiúil Chomhaltais Uladh. Bunaíodh an iris sa bhliain 1924. B'é An tUltach an iris is sine atá ann as Gaeilge ag bpointe amháin.

Infotaula de publicacions periòdiquesAn tUltach
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1924 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharLitríocht na hÉireann
FoilsitheoirConradh na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomhantultach.wordpress.com Cuir in eagar ar Wikidata

Foilsíodh an t-eagrán deiridh de An tUltach mí Aibreáin sa bhliain 2018.[1]

Scéim cham chun airgead a shaothrú atá ar shuíomh idirlín na hirise[2] i láthair na huaire (2020). Is féidir síntiús a ghlacadh léi inniu ach níl an cartlann ar fáil. Ach bhí deontas thart ar £30,000 faighte ag na feidhmeannaigh leis an saibhreas millteanach atá carntha thar chéad bliain a chur ar fáil go digiteach don phobal.[3]

Stair cuir in eagar

Bunaíodh An tUltach sa mbliain 1924 agus foilsíodh ar bhonn míosúil é ó shin. Bhí sé ar cheann de na hirisí is rathúla i saol na Gaeilge agus cé is moite de An Timire ba í an iris is faide i gcló. Bhí maoiniú rialta á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge go dtí go ndearnadh athstruchtúrú ar an múnla maoinithe d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2013.

Ba ag brath ar airgead ó fhoinsí éagsúla a bhí An tUltach ó 2013 go dtí 2018..., Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Conradh na Gaeilge, ranna rialtais Thuaidh agus Theas, fógróirí agus síntiúsóirí ina measc.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Maitiú Ó Coimín. "Deireadh leis an iris ‘An tUltach’" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-03-01.
  2. "Logáil air" (en-US). An tUltach. Dáta rochtana: 2020-03-01.
  3. Maitiú Ó Coimín. "Deireadh leis an iris ‘An tUltach’" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-03-01.