Aerfort Bhaile Átha Cliath
aerfort idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath
Is é Aerfort Bhaile Átha Cliath an t-aerfort is mó in Éirinn. Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Dublin Airport Authority nó an DAA) i bhfeighil ar an aerfort.
Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite 10km ó thuaidh ó Chathair Bhaile Átha Cliath i mBaile Chóilín, Fine Gall, agus 71m os cionn leibhéal na farraige.
I 2018, chuaigh níos mó ná 31.5 milliún paisinéirí trí an aerfort, rud a fhágann gurb é an 13ú aerfort is gnóthaí san eoraip. Is é Aerfort Baile Athá Cliath na ceanncheathrú le Aer Lingus, Ryanair , ASL Éireannach , CityJet agus Norweigian.
StairCuir in Eagar
- 1939: Thosaigh breathnadóireachtaí sionoptacha ag Aerfort Bhaile Átha Cliath[1].
- 19 Eanáir 1940: D'oscail go hoifigiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath ag 9:00am. Rinneadh an chéad eitilt tráchtála don chéad uair riamh ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go Learpholl (Aer Lingus Lockheed 14).
- 1941: D'oscail an Teirminéil nua, ar a dtugtar anois an OCTB (Old Central Terminal Building nó an Sean-Lároifig Theirminéil). Is foirgneamh liostaithe é seo. Ba é Desmond Fitzgerald, deartháir an Iar-Thaoisigh Garret Fitzgerald, a dhear é.
- 1942 Bhog an Oifig Meitéareolaíochta óna sheancheathrú, áit a raibh aonad ospidéil de chuid an RAF le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, go dtí Lároifig an Teirminéil nua. Tá an Oifig Meitéareolaíochta ann go fóill.
- 1943: Faoi dheireadh 1943, bhí an oifig réamhaisnéise ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag soláthar seirbhíse le heitiltí thras-chainéil agus bhain sé an freagracht as na seirbhíse don Aerchór agus d’Óglaigh na hÉireann ó Fhaing (Foynes).
- 19 Samhain 2010. D'oscail an dara críochfort. D'oscail an taoiseach , Brian Cowen , é .
Aerlínte agus cinn scríbeCuir in Eagar
Is féidir eitilt ó Bhaile Átha Cliath chuig an chuid is mó de phríomhaerfoirt na hEorpa, chomh maith le príomhaerfoirt Mheiriceá Thuaidh, Áise agus an Mheánoirthir.
Airbus A320 de chuid Aer Lingus ag tuirlingt san aerfort
Eitleáin Boeing 737-800 de chuid Ryanair
Aerlínte | Cinn scríbe |
---|---|
Aegean Airlines | séasúrach; Aithin |
Ryanair | Alghero, Alicante, Almeria [séasúrach], Barcelona [ag tosú 1 Meán Fómhair], Beirlín-Schönefeld, Biarritz [séasúrach], Birmingham, Bologna, Bournemouth [ag chríochniú 29 Deireadh Fómhair], an Bhratasláiv, Brest [séasúrach], Briostó, an Bhruiséil-Charleroi, Budaipeist [ag chríochniú 29 Deireadh Fómhair], Bydgoszcz, Carcassonne, an Caisleán Nua, Ciarraí, Corcaigh, Dún Éideann, East Midlands, Eindhoven, Faro, Frankfurt-Hahn, Fuerteventura, Gdańsk, Girona, Glaschú-Preastabhaig, Grenoble, Katowice, Kaunas, Kraków, La Rochelle [séasúrach], Lanzarote, Las Palmas de Gran Canaria, Learpholl, Leeds/Bradford, Łódź, Londain-Gatwick, Londain-Luton, Londain-Stansted, Maidrid, Málaga, Málta, Manchain, Marseille [séasúrach], Memmingen, Milano-Bergamo, Murcia, Naoned, Nice [séasúrach], Obar Dheathain, Osló-Rygge, Palma de Mallorca [séasúrach], Páras-Beauvais, Pisa, Porto [séasúrach], Poznań, Prág [ag chríochniú 30 Deireadh Fómhair], Reus [séasúrach], Ríge, Rodez, an Róimh-Ciampino, Rzeszów, Salzburg [séasúrach], Santander [séasúach], Sevilla [séasúach], Stócólm-Skavsta, Szczecin, Taillinn, Tenerife-Deisceart, Torino [séasúrach], Tours [séasúach], Trapani [séasúrach], Valencia [séasúrach], an Veinéis-Treviso, Vigo [séasúrach], Wrocław, Zadar [séasúrach] |
SATA International | Funchal |
Scandinavian Airlines | Cóbanhávan, Osló-Gardermoen, Stócólm-Arlanda |
Star1 Airlines | Vilnias |
Swiss International Air Lines | Zürich |
S7 Airlines | Moscó-Domodedovo [séasúrach] |
Thomson Airways | Burgas [séasúrach], Corfu [ag tosú 27 Bealtaine 2011; séasúrach], an Ghinéiv [ag tosú 18 Nollaig; séasúrach], Innsbruck [ag tosú 21 Nollaig; séasúrach], Lanzarote, Las Palmas de Gran Canaria, Larnaice [séasúrach], Málaga [séasúrach], Palma de Mallorca [séasúrach], Reus [ag chríochniú 22 Meán Fómhair], Rovaniemi [ag tosú 10 Nollaig; séasúrach], Salzburg [séasúrach], Sharm el-Sheikh [ag atosú 25 Bealtaine 2011], Tenerife-Deisceart [séasúrach], Torino [ag tosú 26 Nollaig; séasúrach], Toulouse [séasúrach], Zakynthos [séasúrach] |
Turkish Airlines | Iostanbúl-Atatürk |
US Airways | Philadelphia |
TagairtíCuir in Eagar
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Aerfort Bhaile Átha Cliath. |