Camas

ionad daonra i gContae na Gaillimhe

Baile in iarthar Chontae na Gaillimhe is ea CamusCamas[1] a chiallaíonn "cam uisce" mar gheall ar chasadh an uisce sa gceantar. (Camus as Béarla). I láthair na huaire níl aon siopa ceart ann, ach tá séipéal agus dhá bhunscoil ann, maraon le hionad pobail, Tearmann na Foirnéise. Tá dhá phríomhroinn i gCamas, Camas Uachtair agus Camas Íochtair, agus tá fo-bhailte eile mar Leitir Mucú, Leitir Mór na Coille, Leac a' Dona, Scríb, Gleann Trasna, Muiceanach idir Dhá Sháile agus Cinn Mhara san áireamh freisin i ndúiche Chamais. Talamh sléibhe atá ann den chuid is mó, agus baintear móin agus feamainn ann. Sna caogaidí agus sna seascaidí shaothraigh muintir an cheantair roinnt mhaith airgid tré bheith ag baint mhóna agus í a dhíol leis an stáisiún Ginte Leictreachais i Scríb. Tá coiléar fós i mbun oibre ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCamas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°22′23″N 9°33′32″W / 53.373°N 9.55888°W / 53.373; -9.55888
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde54 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166926

I measc na ndaoine clúitiúla gurbh as Camus iad ó dhúchas, tá an t-úrscéalaí Colm Ó Ceallaigh. Rugadh Máirtín Ó Cadhain sa Spidéal agus chaith sé a chéad sé bliana múinteoireachta as deich mbliana múinteoireachta ag múineadh ann tráth. Tógadh scoil nua sa mbliain 1963 agus tá an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta anois lonnaithe sa seanscoil ina mbíodh Máirtín ag múineadh.

Tháinig Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) thríd Camus agus stop sí ann chun urlisí troda a dhéanamh. Bhíodh Foirnéis i gCamus - sin an chúis go maireann na logainmneacha - Bóthar na Foirnéise agus droichead na Foirnéise.

Bhíodh Bruce Ismay an fear cáiliúil ar leis an Titanic ag fanacht sa teach mór i Scríb, agus bádh bean an tí céanna, Lady Dudley, sa gcladach i gCamus.

Tá dhá choláiste Gaeilge sa gceantar, Spleodar agus Coláiste Chamuis. Bunaíodh Coláiste Chamais i gCamus i 1973. Tá Gaeilge agus dúchas na hÉireann fáighte ag an-chuid d'aos óg na tíre tré freastal ar an gColáiste bliain i ndiaidh bliana.

Tagairtí cuir in eagar