Tone Inné agus Inniu
leabhar le Máirtín Ó Cadhain
Leabhar Gaeilge leis an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, a d'fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 1999 é Tone Inné agus Inniu.[1]
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Máirtín Ó Cadhain |
Foilseachán | 1999 |
Foilsitheoir | Coiscéim |
Is féidir tuiscint Uí Chadhain ar an traidisiún poblachtach a mheas sa saothar[2]. Tá an téacs bunaithe ar léacht a thug an Cadhnach do Chumann Wolfe Tone sa bhliain 1963, nuair a bhí ceiliúradh á dhéanamh ar Tone. Déantar plé ann faoi oidhreacht 1798. Dar le Liam Mac Cóil tá sé lán le stair, anailís, scéalta pearsanta, tuairimí agus sciolladóireacht. Faoi chlúdach bog atá an leabhar.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Irish Literature" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-04-21.
- ↑ Máirtín Ó Cadhain & Dioscúrsa an Dúchais: Léacht an Oireachtais 2006 (Cuid 1), le Dónall Ó Braonáin. Feasta 59 (5), lch 29-34..