An Spidéal

baile i gContae na Gaillimhe
(Athsheolta ó Spidéal)

Is baile é an Spidéal[1] (SpiddalSpiddle as Béarla) atá suite in iarthar Chontae na Gaillimhe.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Spidéal
Spiddal (en)
an Spidéal (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 14′ 48″ N, 9° 18′ 10″ O / 53.2467°N,9.3028°W / 53.2467; -9.3028
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie18722

Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó Chathair na Gaillimhe. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile Chois Fharraige.

Príomhshráid
An Droighneán Donn 
Naomh Enda
Sean-Chéibh an Spidéil ina lag trá, 13 Samhain 2004

Ceantair agus daonra

cuir in eagar

Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.

Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'.[2]

Bhí cónaí ar 1,443 duine i dtoghroinn an Spidéil sa bhliain 2016. Síneann toghroinn an Spidéal ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada soir leis an áit a thosnaíonn Doire Locháin atá sna Forbacha.

Ar an taobh eile den Spidéal tá toghroinn Cill Aithnín nó 'Paróiste an Chnoic' mar a ghlaotar air chomh maith. Síneann an toghroinn ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada siar leis an abhann idir Siopa an Phobail Indreabhán agus Comhar Creidmheasa Cholmcille. Bhí 1,044 duine ag maireachtaint sa toghroinn seo nuair a deineadh daonáireamh 2016.

Tharla Luíochán an Spidéil ar an 14 Bealtaine 1921; rinne Briogáid Oirthear Chonamara de chuid an IRA luíochán ar bhaill den RIC. Bhí baghcat i bhfeidhm ar an RIC & ba dheacair dóibh ábhar tine a fháil. Bhí nós ag an RIC daoine a stopadh (agus iad ar an mbealach go Gaillimh le ualach móna a dhíol) agus seilbh a ghlacadh ar an móin.[3]

Bhí an t-ádh dearg ar an RIC éalú agus níor éirigh leis an IRA aon arm a bhailiú. Ach dhá lá níos déanaí, tháinig na Dúchrónaigh as Gaillimh le díoltas a bhaint amach agus loisceadh cúpla teach (i mí Iúil, fógraíodh sos comhraic).[3]

Is é Comhlacht Forbartha Chois Fharraige an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an gceantar a chur chun cinn.[4]

An Ghaeilge sa Spidéal

cuir in eagar

Tá an Spidéal suite i nGaeltacht Chonamara agus cé go bhfuil an Ghaeilge in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa nGaeltacht ina hiomláine). Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.

De réir daonáirimh 2011, dúirt 72% de mhuintir an sráidbhaile go raibh Gaeilge acu agus dúirt 54% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.

Dúirt 83% de mhuintir i dtoghroinn an Spidéil go bhfuil Gaeilge acu. Dúirt 65% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.

Bhí Gaeilge ag 86.7% de mhuintir i gCill Aithnín (nó 'Paróiste an Chnoic') sa bhliain 2016 agus dúirt 72% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Cumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige.[5][6]
  1. An Spidéal/Spiddle | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. CSO.ie (2016-2018). "Daonáireamh". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-02-23. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  3. 3.0 3.1 Donncha Ó hÉallaithe (14 Bealtaine 2021). "Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a tháinig Cogadh na Saoirse chomh fada le Cois Fharraige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  4. "Cois Fharraige". www.coisfharraige.ie. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  5. Mártan Ó Ciardha (22 Eanáir 2017). "Coinnímis cuntas ar na carraigeacha agus ar na cluichí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-14.
  6. "Seán Ó Neachtain, Cumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige." (en). RTE Radio (2015-02-19). Dáta rochtana: 2024-05-14.