Liam Prút

scríbhneoir Éireannach

Ba scríbhneoir Gaeilge as Tiobraid Árann é Liam Prút (a rugadh in 1940 agus a d'éag ar 30 Meán Fómhair 2023[1]).[2] Bhí poist go leor aige agus é ina bhráthair, ina mhúinteoir, ina léachtóir agus ina aistritheoir ar a sheal. Bhí sé tamall ina eagarthóir litríochta ar an iris Comhar, agus tháinig úrscéalta agus filíocht chomh maith le leabhair do pháistí óna pheann.. Bhuaigh sé go leor duaiseanna dá chuid saothar. Foilsíodh scata díolamaí filíochta dá chuid.

Infotaula de personaLiam Prút
Beathaisnéis
Breith1940
Bás30 Meán Fómhair 2023
82/83 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Eagarthóireacht cuir in eagar

Ba é Liam Prút a chuir eagar ar an leabhar Caithfear éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar[3] agus ar Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar agus bhí suim mhór aige i gcás na teanga agus a cuid litríochta.

Filíocht cuir in eagar

  • Fíon as Seithí Óir (1972)
  • Asail (1982)
  • An Dá Scór (1984)
  • An Giotár Meisce (1988)
  • Loch Deirg-Dheirc (1994)
  • Plumaí (1997)
  • Gealadhram (2002)
  • Cnap-Uaisle (2008).

Úrscéalta cuir in eagar

  • Désirée (1989)
  • Geineasas (1991)
  • An Leanbh sa Lamborghini (1996)
  • Sna Flaithis go hArd (2011)

Cnuasaigh gearrscéalta cuir in eagar

  • Sean-Dair (1985)
  • Scéalta nach Beag (2002)

Foilseacháin do pháistí cuir in eagar

  • Crúibín, 2001.
  • Cara ag Crúibín (2003)
  • Crúibín agus an tAsal (2007)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Death Notice of Liam (Billy) Prút (Prout) (Dublin 6W, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-10-04.
  2. "Liam Prút, file agus scríbhneoir ildánach as Tiobraid Árann, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-04). Dáta rochtana: 2023-10-04.
  3. arna fhoilsiú ag Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1999... aistí Mháirtín Uí Chadhain arna gcur in eagar ag an bPrútach