Faoin mBlaoisc Bheag Sin

Leabhar

Sa leabhar Faoin mBlaoisc Bheag Sin le Louis de Paor tá mionanailís ar scéalta Mháirtín Uí Chadhain, ar an gceangal idir a theicníocht scéalaíochta agus an stiúir aigneolaíochta atá ar an bprós nua-aimseartha i gcoitinne. Léirítear bua Uí Chadhain maidir lena bhfuil ar siúl laistigh agus lasmuigh de cheantar na bhfocal in aigne an duine a fhoilsiú i bhfoirm scéalaíochta. Leantar an mórathrú a tháinig ar a stíl de réir mar a bhí a léargas ar aigne an duine ag fairsingiú ó réadúlacht bhorb na luathscéalta tuaithe go dtí an t-aor nimhneach ar chás an duine stoite i saol gan bhrí sna scéalta cathrach. As deireadh na hanailíse féachtar le saothar Uí Chadhain a shuíomh ina chomhthéacs comhaimseartha agus breithiúnas dá réir a thabhairt ar a chuid scéalta.

WD Bosca Sonraí LeabharFaoin mBlaoisc Bheag Sin
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarLouis de Paor Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1991 Cuir in eagar ar Wikidata
EagarthóirLouis de Paor Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCoiscéim
Tréith
Seánradíolaim Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach378 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairt is ea teideal an leabhair do ráiteas de chuid an Chadhnaigh ón bpaimlféad Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca.