Louis de Paor

file Éireannach

Scríbhneoir Corcaíoch is ea Louis de Paor, a saolaíodh sa bhliain 1961.

Infotaula de personaLouis de Paor
Beathaisnéis
Breith1961
62/63 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Spioraid Naoimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Musicbrainz: 5848fbe2-c0b8-48c9-9867-35d3e712d61e Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Bhí Louis ar an duine ba shine de naonúr daoine clainne (iad uile ina mbuachaillí). Fiaclóirí ba ea a thuismitheoirí. Chuaigh Louis ar bhunscoil i mBaile an Easpaig agus ar Choláiste an Spioraid Naoimh idir na blianta 1973 agus 1978. Thaitin an scoil leis:

""Bhí fuinneamh neamhchoitianta sa scoil. Bhí na múinteoirí Gaelainne ana-mhaith. Na múinteoirí Gaeilge agus na múintoirí Laidine ab fhearr."

Thug sé a aghaidh ansin ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ghnóthaigh sé bunchéim sa Ghaeilge agus sa Léann Dúchais sa bhliain 1981 agus dochtúireacht sa bhliain 1986 ar ghearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain.

Fuair sé spreagadh ó Ghearóid Ó Crualaoich agus ó Sheán Ó Tuama.

"Nuair a bhíomar sa chéad bhliain, thosaigh Seán ar cheardlanna scríbhneoireachta a reáchtáil aimsir na Nollag ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne. Chuamar b'fhéidir ceithre dhuine dhéag ná mar sin síos ann an chéad bhliain agus leanamar ag dul síos ann gach aon bhliain ina dhiaidh sin. Ach an chéad bhliain go rabhamar ann, bhí Michael Hartnett ann mar aoi speisialta agus bhí profaí Adharca Broic leis."[1]
"An bhliain dár gcionn, bhí Michael Davitt ann agus d'iarr sé dánta le haghaidh INNTI a bhí ag teacht amach arís an uair sin. Ansin, tháinig Nuala Ní Dhomhnaill agus í díreach ar ais ón Tuirc an tríú bliain. Bhí sé sin, b'fhéidir ar shlí, níos spreagúla agus níos tábhachtaí ar go leor slite ná go leor des na cúrsaí foirmeálta ach san am gcéanna bhí na cúrsaí teagaisc a bhí ag an Tuamach ana-neamhchoitianta ar fad."

Chuaigh Seán Ó Ríordáin i gcion go mór air, agus spreag Michael Davitt chun scríbhneoireachta é freisin.[1]

An Astráil agus ar ais cuir in eagar

Ó 1984 go 1988 bhí an Paorach mar eagarthóir cúnta ar Innti go ndearnadh eagarthóir na hirise sin de, cúram a bhí air go dtí an bhliain 1990. Bhí sé ina chónaí i mBaile an Easpaig agus i gcathracha eile in Éirinn go dtí go ndeachaigh sé féin agus Shirley, a bhean chéile, chun Melbourne san Astráil sa bhliain 1987. Chaith sé tamall mar Léachtóir Cuarda i Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Sydney, agus mar láithreoir agus léiritheoir ar chlár raidió Gaeilge i Melbourne. Lean sé air ag cumadh filíochta agus bhronn Comhairle Ealaíon na hAstráile sparánachtaí air sna blianta 1990, 1991 agus 1995.

D'fhill sé féin agus a mhuirín ar Éirinn sa bhliain 1996 agus chuir siad fúthu in Uachtar Ard i gContae na Gaillimhe. Ghlac sé post mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Sa bhliain 2012 thug sé féin agus an scannánaí Paula Kehoe cuairt ar an Astráil chun scannán faisnéise a dhéanamh do TG4 faoin gcaidreamh stairiúil idir Éireannaigh agus Bundúchasaigh.

Tréithe a chuid filíochta cuir in eagar

Dánta soiléire díreacha a chumadh de Paor ar dtús. De réir a chéile d'éirigh siad níos dorcha agus níos casta, athrú a bhí le haithint ar a shaothar ón uair a d'fhág sé an Astráil. Mar sin féin, tá de Paor ina fhile "poiblí" i gcónaí sa mhéid gur minic é ag léamh a chuid filíochta os comhair an phobail.

Duaiseanna cuir in eagar

Ghnóthaigh a chéad chnuasach dánta, Próca solais is luatha (Coiscéim, 1988), Duais an Ríordánaigh san Oireachtas agus tá an duais sin bainte aige trí huaire eile ó shin le cnuasaigh eile, mar shampla 30 dán (Coiscéim, 1992). Sa bhliain 2000 bronnadh Duais Lawrence O'Shaughnessy, gradam mór Meiriceánach, air.

Filíocht cuir in eagar

  • Agus Rud Eile De / And Another Thing (Cló Iar-Chonnacht, 2010) Leabhar agus dlúthdhiosca le Ronan Browne, Biddy Jenkinson, Mary O'Donoghue agus Kevin Anderson]
  • Cúpla siamach an ama (Coiscéim, 2006)
  • Ag greadadh bas sa reilig / clapping in the cemetery (Cló Iar-Chonnachta, 2005) [le Biddy Jenkinson, Mary O'Donoghue agus Kevin Anderson]
  • Agus rud eile de (Coiscéim, 2002)
  • Corcach: agus dánta eile (Coiscéim, 1999 / Black Pepper 2000)
  • Seo. Siúd. Agus uile (Coiscéim, 1996)
  • Gobán Cré is Cloch (Black Pepper, 1995)
  • Aimsir Bhreicneach (Leros, 1993)
  • 30 dán (Coiscéim, 1992)
  • Próca solais is luatha (Coiscéim, 1988)

Saothair chritice cuir in eagar

  • Faoin mblaoisc bheag sin (Coiscéim, 1991)

Obair eagarthóireachta cuir in eagar

  • Leabhar Sheáin Uí Thuama (Coiscéim, 1997)
  • Coiscéim na hAoise Seo (Coiscéim, 1991) [le Seán Ó Tuama]
  • Freacnairc mhearcair : rogha dánta / The oomph of quicksilver: selected poems (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000)

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar