Uachtar Ard

baile i gContae na Gaillimhe

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Uachtar Ard[1] (Oughterard as Béarla). De réir daonáireamh[2] Poblacht na hÉireann 2011, bhí cónaí ar 2,604 duine i dtoghroinn Uachtar Ard agus bhí cónaí ar 1,333 duine sa mbaile féin (atá mar chuid den toghroinn).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilUachtar Ard

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°25′00″N 9°20′00″W / 53.4167°N 9.3333°W / 53.4167; -9.3333
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde68 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie20886
Suíomh gréasáinoughterardtourism.com Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Litríocht cuir in eagar

Tá tagairt don stáisiún traenach in Uachtar Ard sa ghearrscéal "An Bhean Chaointe" le Pádraig Mac Piarais.[3]

B'éigean do Cholm de Bhailís filleadh ar Theach na mBocht in Uachtar Ard i ndeireadh a shaoil agus fuair sé bás ann ar 27 Feabhra 1906.[4]

Conspóid cuir in eagar

Tháinig aird idirnáisiúnta ar an mbaile i Meán Fómhair 2019 nuair a beartaíodh go n-úsáidfí óstán as úsáid ar imeall an bhaile, Óstán Gateway Connemara, chun a bheith ina ionad Soláthar Díreach (i.e., chun freastal ar theifigh).[5]

Dhírigh gníomhaithe ar thaobh na láimhe deise ar an bpobal láithreach (go háirithe Gearóid Murphy, gníomhaí de chuid an Pháirtí Náisiúnta (NP)) agus d’éirigh go maith leis.[6][7][8][9] Rinne gníomhaithe áitiúla bileog, ina raibh éilimh mhíthreoracha faoin gcóras tearmainn.[10][11]

Athraíodh fócas na hagóide ina dhiaidh sin, i gcoinne “ionaid soláthair dhíreacha mídhaonna”.[12][13][14] Labhair baill áirithe den ghrúpa “Oughterard Says No to Direct Provision” faoi “thionchair dhiúltacha ón taobh amuigh”.[15][16]

Tar éis trí seachtaine d’agóidí ag imshuí an óstáin, tharraing úinéir an óstáin an tairiscint siar i mí Dheireadh Fómhair.[17][18][19]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Uachtar Ard/Oughterard | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. census.cso.ie (2013). "Oughterard". census.cso.ie. Dáta rochtana: 2022-02-27.[nasc briste go buan]
  3. Pádraic Mac Piarais. An Mháthair agus Scéalta Eile 1916.
  4. "De Bhailís, Colm | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-02-27.
  5. https://www.irishtimes.com/news/social-affairs/minister-booed-as-oughterard-rejects-direct-provision-centre-1.4015379
  6. https://www.thetimes.co.uk/article/far-right-activists-incite-and-spread-uproar-online-over-oughterard-asylum-qkzfzr95g
  7. https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/how-the-far-right-is-exploiting-immigration-concerns-in-oughterard-1.4026612
  8. https://thespinoff.co.nz/society/02-10-2019/oughterard-how-alt-right-racists-infiltrated-a-tiny-irish-town/
  9. https://www.rte.ie/news/claire-byrne-live/2019/1101/1088136-claire-byrne-asylum-seekers/
  10. https://www.thejournal.ie/carrickmacross-direct-provision-4854854-Oct2019/
  11. https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/how-the-far-right-is-exploiting-immigration-concerns-in-oughterard-1.4026612
  12. https://www.irishtimes.com/news/social-affairs/large-crowd-continues-protest-over-direct-provision-centre-in-oughterard-1.4034095
  13. https://thesciencebit.net/2019/09/16/what-the-alt-right-are-privately-saying-about-their-important-work-in-oughterard/
  14. https://thespinoff.co.nz/society/02-10-2019/oughterard-how-alt-right-racists-infiltrated-a-tiny-irish-town/
  15. https://www.irishtimes.com/life-and-style/people/was-oughterard-about-racism-or-a-fear-of-the-unknown-1.4043903
  16. https://www.irishtimes.com/culture/tv-radio-web/mark-cagney-breezes-through-the-storm-on-his-return-to-radio-1.4039063
  17. https://www.rte.ie/news/connacht/2019/1001/1079341-oughterard/
  18. https://www.thejournal.ie/tender-for-oughterard-direct-provision-centre-withdrawn-4831754-Oct2019/
  19. https://kfmradio.com/news/25022020-1549/protesters-involved-achill-oughterard-direct-provision-rallies-likely-attend[nasc briste go buan]