An Páirtí Náisiúnta
Is páirtí Éireannach ar dheis ar fad é An Páirtí Náisiúnta. Bunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016. Is é Seamus Mac Raghnaill an t-uachtarán.[1][2] Tá comhairleoir amháin acu ar Comhairle Contae Fhine Gall.[3]
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Mana | Ar dheis ar aghaidh ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | pobalachas ar an eite dheas coimeádachas sóisialta Éire Aontaithe frith-imirce economic nationalism (en) ![]() Náisiúnachas in Éirinn Eoraisceipteach gluaiseacht frith-ghinmhillte ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | an eite fhíordheis ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 16 Samhain 2016 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Justin Barrett ![]() | ||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | nationalparty.ie ![]() | ||||
Stair
cuir in eagarBunaíodh an Páirtí Náisiúnta i mí na Samhna, 2016. Bhí seoladh eagraithe sa Merrion Hotel, ach chealaigh an t-óstán é.[4] Is as Contae Thiobraid Árann é Justin Barrett. Sna 1990idí, ghlac sé páirt in imeachtaí san Iodáil agus sa Ghearmáin, a bhíothas eagraithe le grúpaí ar nós Forza Nuova agus an Páirtí Daonlathach Náisiúnta.[5]
Is as an Longfort é Seamus Mac Raghnaill. Bhí sé ceangailte le Libertas agus an feachtas in aghaidh an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht i 2012.
Reáchtáil an páirtí a chéad Ard Fheis i mí na Samhna, 2017, sa Trump International Hotel, i nDún Beag i gContae an Chláir. Bhí timpeall le caoga i láthair. Bhí achrann ann nuair a mhaslaigh Seamus Mac Raghnaill daoine aeracha. Chosain Barrett an ráiteas, agus shiúil an aoi-chainteoir John Wilson amach agus fiúnach air.[6]
Idé-eolaíocht
cuir in eagarDeirtear gur pháirtí i bhfad amach ar an eite dheis é an Páirtí Náisiúnta.[7] Achoimríonn an páirtí a n-idé-eolaíocht ar a suíomh gréasáinː[8]
"Creidimid i muintir na hÉireann, an ceart maireachtála atá againn mar náisiún, ár gceart seilbh a rugadh ar ár dtír dhúchais, agus an ceart atá againn í a chosaint. Is í Éire aontaithe Éireannach saor í mar aidhm againn."
Gníomhachtaí frith-inimirce
cuir in eagarTá an-bhaint ag an pháirtí le aigóidí frith-inimirce in Éirinn.[9][10]
Thug baill den pháirtí tacaíocht do círéibeoirí le linn círéib Bhaile Átha Cliath i 2023, cé gur dúirt ráiteas oifigiúil ón pháirtí, nach molainn siad gníomhaíochtaí mídhleathach.[11]
An feachtas "Abortion Never"
cuir in eagarBhí feachtas ar bun ag an Páirtí in aghaidh an ghinmhillte sna laethanta roimh an Reifreann ar an 8ú leasú ar an mBunreacht. Mhol Barrett, "Ba cheart pionós an bháis a chur ar aon dochtúir a dhéanann ginmhilleadh ar leanbh neamhbheirthe".
Torthaí Toghcháin
cuir in eagarDáil Éireann
cuir in eagarToghchán | Suíocháin | ± | Áit | Vótaí céadrogha | % | Rialtas | Ceannaire |
---|---|---|---|---|---|---|---|
2020 | 0 / 160 |
12ú | 4,773 | 0.2 | Gan suíocháin | Justin Barrett | |
Fothoghchán 2021 | 0 / 1 | 11ú | 183 | 0.7 | Gan suíocháin | Justin Barrett | |
2024 | 0 / 174 |
13ú | 6,334 | 0.3 | Gan suíocháin | Díospóide |
Parlaimint na hEorpa
cuir in eagarToghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | +/− | Grúpa Parlaimint Eorpach |
---|---|---|---|---|---|---|
2024 | Díospóide | 12,879 | 0.74 (#14) | 0 / 14 |
Nua | − |
Toghcháin Áitiúla
cuir in eagarToghchán | Suíocháin | ± | Vótaí céadrogha | % |
---|---|---|---|---|
2024 | 1 / 949 |
1 | 4,983 | 0.3% |
Nótaí
cuir in eagar- ↑ "Baile - The National Party" (en-US). The National Party. Dáta rochtana: 2018-11-16.
- ↑ "Far-right National Party’s new leader James Reynolds says rural voters to be targeted in local elections" (en). www.independent.ie (2023-08-27). Dáta rochtana: 2023-09-18.
- ↑ “No 'revolution' but landmark result for four far-right candidates in local elections” (10 June 2024). Dáta rochtana: 10 June 2024.
- ↑ "Merrion Hotel cancels launch of anti-immigration political party" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ "Barrett admits he attended far-right meeting" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ Justine McCarthy (2017-11-26). "National Party walkout over Varadkar gay slur" (en). The Sunday Times. Dáta rochtana: 2018-11-25.
- ↑ "Far-right party's launch is cancelled - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2018-11-26.
- ↑ /nationalparty.ie (2018). "As Gaeilge" (ga). The National Party. Dáta rochtana: 2022-02-27.
- ↑ Murphy, Greg (5 March 2023). “Housing crisis 'giving oxygen' to anti-migrant movement, says Cork TD” (en). Dáta rochtana: 21 May 2023.
- ↑ McGreevy, Ronan (4 February 2023). "'We had the National Party here and we told them to bugger off'" (en). Dáta rochtana: 21 May 2023.
- ↑ “A Day of Ire” (en-US) (28 November 2023). Dáta rochtana: 5 December 2023.