Athaontú na hÉireann
Tharla críochdheighilt na hÉireann nuair a roinn Rialtas na Ríochta Aontaithe Éire ina dhá chuid féinrialaithe: Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann. Achtaíodh é ar 3 Bealtaine 1921 faoin Acht um Rialtas na hÉireann (1920).[1] Ó shin i leith, tá daoine ag labhairt faoi Athaontú na hÉireann, Éire aontaithe, agus 'Éire Nua', srl.[2]


Taighde
cuir in eagarSa bhliain 2025 thug suirbhé Ipsos a choimisiúnaigh togra taighde trasteorann ARINS[3] go raibh
48 faoin gcéad de vótálaithe Thuaisceart Éireann in aghaidh athaontaithe agus 34 faoin gcéad ina fhabhar.
Sa Phoblacht, dúirt 64 faoin gcéad go raibh siad i bhfabhar aontachta agus gan ach 17 faoin gcéad ina choinne.[4]
Chuir na taighdeoirí béim ar an athrú a léirigh na figiúirí ó thuaidh. Tháinig méadú suntasach (ó 27 go 34 faoin gcéad) ar an aicme den phobal sa Tuaisceart atá i bhfabhar aontachta ó 2023, agus ag an am céanna, laghdú beag tagtha ar an gcéatadán atá i bhfabhar fanacht sa Ríocht Aontaithe (ó 50 go 48 faoin gcéad).
Dúirt móramh sa Tuaisceart (seasca faoin gcéad san iomlán, ina measc 38 faoin gcéad de Phrotastúnaigh) gur chóir aontacht a phleanáil ar bhonn féidearthachta. Thug 65 faoin gcéad sa Phoblacht an freagra céanna.[5]
Conspóidí
cuir in eagarI láthair na huaire, tugann an pobal Aontachtach, tuairim is 1 mhilliún duine, a ndílseacht do Rialtas Londan, fiú is go bhfuil an dílseacht chéanna faoi bhrú mar gheall ar an dtréas a mhothaíonn sciar acu mar gheall ar an bPrótocal, Breatimeacht, Creat Windsor agus mar sin de.[6] Tá an baol ann go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun titim as a chéile (le neamhspleáchas na hAlban) agus cá bhfágfaidh sin an Tuaisceart? Ag an am céanna, tá daoine ann ón taobh aontachtach a thuigeann go gcaithfidh siad páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi Éirinn Nua, nó beidh Protastúnaigh an Tuaiscirt thíos leis sa deireadh.[7]
Tá sé ráite in aidhmeanna gach mórpháirtí na 26 Chontae gur cloch ar a bpaidrín é aontú na tíre. Bhí sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar in 2023 go gcreideann sé go mbeidh Éire aontaithe an athuair le linn a mharthana.[8] Ach ag an am céanna, tá fócas an phobail ó Dheas ar cheisteanna nach mbaineann le stair na tíre agus gur mó an tsuim atá acu i nithe nach mbaineann le teorainneacha is bunreachtai, srl.[6]
Dar le daoine eile, Is teip í an chríochdheighilt; chruthaigh sé na blianta fada de mheath eacnamúil sa Tuaisceart.[9]
Costas
cuir in eagarChosnódh Athaontú na hÉireann €20 billiún gach bliain ar feadh 20 bliain le Éire aontaithe a chur i gcrích, de réir taighde foilsithe in 2024 ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (agus an tOllamh John Fitzgerald comhúdar an staidéir). Chaithfí 25% sa mbreis cánach a bhailiú lena leithéid de chostas a sheasamh; é sin nó an tsuim chéanna a aimsiú i bhfoirm caiteachas an Stáit a laghdú.[10] Cuirfeadh aontú na tíre 5% d'Ollioncam módhnaithe Náisiúnta le easnamh an Stáit. Bheadh a dhá oiread i gceist dhá ndéanfaí cothromú ó thuaidh mar atá ó dheas den teorainn faoi láthair ar rátaí íocaíochtaí leasa agus ar rátaí pá san earnáil phoiblí. D’fhágfadh sin an ceathrú cuid sa mbreis ag teastáil ón Státchiste, gan dá thairbhe a deir an staidéar ach borradh beag ar theacht-isteach.[11]
An leigheas a bheadh ar an gcostas go n-athródh Tuaisceart Éireann a ngeilleagar ó bhonn, go háirid in earnáil an oideachais, leis an mbearna idir thuaidh agus theas a mhaolú agus ar mhaithe leis an ioncam ó thuaidh a ardú. Molann an staidéar freisin go dtreiseodh Tuaisceart Éireann an táirgiúlacht sa ngeilleagar, bíodh aontú ann nó ná bíodh, mar go neartófaí an caighdeán maireachtála i gcoitinne.[11][12][13]
An geilleagar i dTuaisceart Éireann
cuir in eagarTá an caighdeán maireachtála i bPoblacht na hÉireann níos airde ná mar atá sé sa Tuaisceart, de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) ar an 14 Aibreán 2025. Dar leis an ITES, bíonn táirgiúlacht imeallach an tsaothair i bhfad níos airde sna 26 Contae ná sa Tuaisceart (tá táirgiúlacht saothair 250% níos airde ar an meán). Is mar gheall air sin, tá an ráta pá in aghaidh na huaire 36% níos airde agus tá ioncam indiúscartha an ghnáth-theaghlaigh 18.3% níos airde, bíodh is go bhfuil cáin ioncaim níos airde freisin,[14][15]
Ina cheann sin, tá níos mó daoine i ngach aoisghrúpa ar an taobh ó dheas den teorainn ag déanamh cúrsa oideachais. Is díol mór imní é, a deirtear sa tuarascáil, nach bhfuil 30% de dhaoine óga idir 15 agus 19 bliain d'aois ar an taobh ó thuaidh den teorainn, nach bhfuil siad ag fáil oideachas foirmiúil ar bith agus gur ag dul i ndonacht atá an scéal.[14] Tá tionchar suntasach ag an oideachas ar an táirgiúlacht san fhadtréimhse.
Feoil a chur ar chnámha
cuir in eagarMolann Sinn Féin go mbunófaí tionól saoránach chun Éire aontaithe a phlé.[16] Ach ní gá tionól saoránach a bhunú mar atá molta ag Sinn Féin chun tabhairt faoin dianmhachnamh agus an dianphlé a theastaíonn sula leagtar amach fiú cnámha an phlean a theastaíonn. Tá an oiread mór-ábhar casta le plé go dteastaíonn mionchíoradh staidéartha a dhéanfadh coiste saineolaithe, abair, nó coiste rialtais, nó coiste Oireachtais nach ndíreodh i dtosach ar an phleanáil mhionsonraithe.[5]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ UCC / RTÉ. "Atlas of the Irish Revolution - Acmhainní do Scoileanna - AONAD 7, Cuid a 3". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Ciarán Dunbar (2024-04-17). "Éire aontaithe: an féidir díospóireacht gan chlaonadh a dhéanamh faoi?" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2024-05-06.
- ↑ "ARINS" (en). Royal Irish Academy (2024-04-30). Dáta rochtana: 2025-02-15.
- ↑ Brendan O’Leary, Professor of Political Science, University of Pennsylvania / Royal Irish Academy (2025). "Getting Ready: The Need to Prepare for a Referendum on Reunification".
- ↑ 5.0 5.1 Cathal Mac Coille (15 Feabhra 2025). "Bheadh pleanáil d’athaontú na tíre ar bhonn féidearthachta ciallmhar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-15.
- ↑ 6.0 6.1 "Tuiscint agus aontas de dhíth ar an bhóthar i dtreo an athaontaithe < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-09-11.
- ↑ Eoin Ó Murchú (11 Meán Fómhair 2023). "Tá Protastúnaigh ann atá ar son athaontú na tíre… Éistear leo…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-11.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-09-07). ""Beidh Éire aontaithe le linn mo mharthana" – Taoiseach" (as ga).
- ↑ Gerry Adams (2016-11-29). "Éire nua aontaithe: seo an t-am" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-11.
- ↑ Bhí na figiúirí sin bunaithe ar eolas a bailíodh sula dtáinig an víreas corónach, mar sin deir an Institiúid go mbeadh an costas níos airde fós.
- ↑ 11.0 11.1 Nuacht RTÉ (2024-04-04). ""€400 billiún thar 20 bliain" le Éire a aontú" (as ga-IE).
- ↑ Ciarán Ó Pronntaigh (8 Aibreán 2024). "As an reicneáil < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-04-08.
- ↑ Cathal Mac Coille (6 Aibreán 2024). "Tá athaontú na tíre chomh héiginnte lena chostas ach tuilleann sé fiosrú tomhaiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-08.
- ↑ 14.0 14.1 Nuacht RTÉ (2025-04-15). "'Caighdeán maireachtála níos airde sa Phoblacht ná sa Tuaisceart'" (as ga-IE).
- ↑ Adele Bergin, Seamus McGuinness, Conor Banahan (2025-04-15). "Economic overview of Ireland and Northern Ireland" (as en).
- ↑ Cathal Mac Coille (2 Meán Fómhair 2023). "Dá mbeadh fíordhíospóireacht thomhaiste ann faoi athaontú na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-11.