Todhchaí na hÉireann (stocairí)

brúghrúpa Éireannach

Is brúghrúpa[1] é Ireland's FutureTodhchaí na hÉIreann, gluaiseacht a bunaíodh le díospóireacht agus anailís a dhéanamh faoi 'Éire Nua'. ‘Sibhialaigh Náisiúnacha’ a bhunaigh an feachtas chun machnamh agus scrúdú a dhéanamh 'roimh reifreann' faoi athaontú na hÉireann.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaTodhchaí na hÉireann
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2017
Rialachas corparáideach
UachtaránachtFrances Black Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinirelandsfuture.com Cuir in eagar ar Wikidata
an bhrionglóid

Raison d'être

De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhógairt más léir go bhfuil níos mó ná leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil níos mó suime san athrú anois mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an líon Caitliceach sa Tuaisceart a bheith níos airde ná an líon Protastúnach den chéad uair.[3]

Sa bhliain 2019, scríobh an grúpa litir inar dúradh:

“Iarraimid ar an Rialtas Tionól Saoránach a bhunú chun tuairimí saoránach thuaidh agus theas a léiriú; sin nó Fóram a bhunú inar féidir an todhchaí a phlé chomh maith leis an dóigh chun an chomhthoil is mó a bhaint amach faoin bhealach chun cinn.”[4]

Molann an grúpa plé ar“an todhchaí” agus níl "aontú'.

Bhí sé ráite ag an am ag an Taoiseach Leo Varadkar, ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, nach dteastaíonn reifreann uathu go luath ar cheist na teorann.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. stocairí agus 'grúpa neamhbhrabúis'
  2. "Tacaíocht mhór á léiriú do Ghaeilgeoir aitheanta as Béal Feirste a bhfuil drochbhail air de bharr an choróinvíris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-10.
  3. Conradh na Gaeilge, Londain (8 Deireadh Fómhair 2022). "‎Nuacht Mhall: (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-10-10.
  4. Todhchaí na hÉireann (2019). "Litir i nGaeilge agus i mBéarla". Dáta rochtana: 2022.
  5. Cathal Mac Coille (7 Samhain 2019). "Tá gá le díospóireacht eagraithe ar thodhchaí pholaitiúil an oileáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-10.