Cumann Merriman
Cumann litríochta is ea an Cumann Merriman, atá ainmnithe in ómós do Bhrian Merriman, údar dáin cháiliúil, raibiléiseach na hochtú aoise dhéag,[1][2] Tá sé mar aidhm ag Cumann Merriman, suim a chothú in gach gné de chultúr na hÉireann: an Ghaeilge, an stair, an litríocht, an rince, an ceol is ar eile. Ó cuireadh ar bun i 1967 é, tá sé mar aidhm aige suim a chothú ins an bhfile agus i stair is traidisiún Thuamhan.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cumann liteartha |
Eagraíonn an Chumann dhá fhéile litríochta gach bliain, sa samhradh agus sa gheimhreadh. Tá Cumann Merriman buanaithe mar institiúid Éireannach
Scoil Gheimhridh Merriman cuir in eagar
Bíonn níos mó béime ar litríocht na Gaeilge ag an scoil geimhridh. Reachtáiltear Scoil Gheimhridh Chumann Merriman gach bliain ag an deireadh seachtaine is gaire do Lá ‘le Bríde. Reachtáileadh an chéad Scoil Gheimhridh san Aonach i gContae Thiobraid Árann, i 1969.[1]
An Scoil Samhraidh cuir in eagar
Reachtáiltear Scoil Samhraidh Chumann Merriman sa tseachtain dheireanach de mhí Lúnasa i ndúthaigh Tuamhumhan.[1]
Féach freisin cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
- Cumann Merriman (Dátheangach)
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Cumann Merriman (2022). "Forbhreithniú – Cumann Merriman" (ga). Dáta rochtana: 2022-01-20.
- ↑ "MERRIMAN, Brian (c.1749–1805)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-01-20.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |