Is é an chéad lá de Fheabhra Lá Fhéile BrídeImbolg (Imbolc i mBéarla). Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach chomh maith.

Crosóg Bhríde

Féile thábhachtach a bhí i bhféile Imbolg, thart ar thús Mhí Feabhra. Níl na saineolaithe cinnte faoi bhunús na féile seo ná faoin ainm Imbolc, ach creidtear go bhfuil baint aige le focal ársa a chiallaíonn ‘bainne’.[3]

Féile Imbolc sa bhliain 2008 i Stendedge,Marsden, Huddersfield.
Féile Imbolc sa bhliain 2008 i Stendedge,Marsden, Huddersfield.

Miotaseolaíocht na gCeilteachCuir in Eagar

Ba bhandia ag na Ceiltigh í Bríd. Bhí bandia tábhachtach ag na Ceiltigh fadó darbh ainm Brigantia (An Té Ceannasach). Breathnaíodh ar an mbandia Bríd mar mháthair ar gach rud agus bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus le huisce. Bhí torthúlacht, breith clainne agus bainne ag baint léi freisin. Is dócha gur in ómós don bhandia sin a bhíodh Imbolg á cheiliúradh.


Féile an bhleachtanais, féile thús an earraigh agus féile an dóchais atá ann.[4] Thugtaí aitheantas don bheatha nua i lusanna agus sna ainmhithe agus a braitheadh i ngach neach beo. Ba chomhartha dóchais an fás nua san Earrach tar éis do gach rud a bheith sioctha síos go dorcha rúnda faoi smúit an gheimhridh.[5]

CríostaíochtCuir in Eagar

Rinne na Críostaithe naomh de Brigantia, Naomh Bríd nó Brighid agus choinnigh an naomh sin a lán de na tréithe a bhí aici mar bhandia roimhe sin. Tugtar Lá Fhéile Bríde ar an fhéile s’aici atá ar an chéad lá de Mhí Feabhra – Féile Imbolg na SeanCheilteach.

Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo inniu.[6] Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Críostaithe na hÉireann ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin.

NósannaCuir in Eagar

Oíche BhrídeCuir in Eagar

Téann na paistí thart ó theach go teach, ag casadh ceoil & faigheann siad airgead ó fhear an tí, [7]agus bíonn na cailíní ag imeacht le Brídeog in onóir do Bhríd.[8],[9]

Lá fhéile BrídeCuir in Eagar

Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha (luachair), ar a dtugtar Cros Bhríde.[10] Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad de ghnáth. Crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc. Creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í.[11]

RanntaCuir in Eagar

Tá rannta agus paidreacha ann go bhfuil bainteach le Naomh Bríd.

Rann:[12]Cuir in Eagar

Ó lá le Bríde amach

bíonn na héin ag déanamh nead,

bíonn na caoire ag breith na n-uan,

is an lá ag dul i bhfad.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Brigitte du Ménez Hom" (in fr) (2021-02-01). Wikipédia. 
  2. "Déesse du Menez-Hom" (fr). www.collections.musee-bretagne.fr. Dáta rochtana: 2021-02-02.
  3. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  4. Balor (Feabhra 2013). "An tSúil Nimhe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  5. Laoise Ní Chléirigh (Márta 2011). "Idir Imbolc agus Bealtaine" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  6. Máire Ní Fhinneadha (2018). "Ó DHÚCHAS…Ag gabháil thart leis an mBrídeog Lá Fhéile Bríde" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  7. Brighid Ní Choinceanainn, Ceathrú an Teampaill, Inis Meáin (2020). "Ó DHÚCHAS: Seanchas na Féile Bríde as Inis Meáin, Maigh Eo agus Ciarraí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  8. "Oíche Bhríde" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2019-01-31.
  9. "Ó Coigligh, Ciarán - Seanchas Inis Meáin (Coiscéim 1990) Aran Island Inishmaan Folklore" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2019-01-31.
  10. forasnagaeilge.ie. "Conas cros a dhéanamh (pptx do leanaí)". Dáta rochtana: 2021.
  11. Maitiú Ó Coimín (2017). "Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  12. "Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) | Bailiúchán na Scol" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.