Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha (luachair), ar a dtugtar Bogha Bhríde, Cros Bhríde,crosóg Bhríde.[1][2].[3][4][5]

Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad de ghnáth. Crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc. Creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í[6]

Stair cuir in eagar

Ceaptar go dtéann nós na gcros siar go dtí an tréimhse réamh-Chríostaí sa tír. Tá crosa de shaghsanna éagsúla le feiceáil ar seanchlocha timpeall na tíre.[7]

Nósanna cuir in eagar

Ar Oiche Bhríde, d’fhágadh na brídeoga bearta luachra nó bearta tuí lasmuigh de na doirse. Ag titim na hoíche, bhailíodh cailíní óga iad agus, tar éis cead isteach sa teach a fháil in ainm Bhríde, théidís isteach agus dhéanaidís Crosa Bhríde. Chuirtí na crosa nua sa díon agus os cionn an dorais chun an teach a chosaint ó thine agus ó gach olc agus dhóití na sean chinn.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Taispeánann Jimí Ó Finneadha, fear Gaeltachta as Cois Fharraige, dúinn cén chaoi le Cros Bhríde a dhéanamh as luachair ansseo.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. peig.ie (2023). "Lá Fhéile Bríde 🌱 Imbolc 🐮 Tús an Earraigh | Gaeloideachas". gaeloideachas.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  2. "LÁ FHÉILE BRÍDE: Cén chaoi le cros Bhríde a dhéanamh agus eolas eile…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-01.
  3. forasnagaeilge.ie. "Conas cros a dhéanamh (pptx do leanaí)". Dáta rochtana: 2021.
  4. Dúlra Chorca Dhuibhne (2021). "Foghlaim conas Cros Bhríde a dhéanamh!" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 Tuairisc.ie / Jimí Ó Finneadha (Fea 2023). "Cén chaoi le Cros Bhríde a dhéanamh?" (as en). 
  6. Maitiú Ó Coimín (2017). "Ó DHÚCHAS… ‘Deir siad go mbíonn beannacht Bhríde ar an teach ina gcoimeádtar an chros’ – Dúchas.ie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-01.
  7. Maidineacha caife (Feabhra 2018). "An Taobh ó Thuaidh". Dáta rochtana: 2023.