Bláth an earraigh

Earrach atá ar an séasúr (nó ráithe) den bhliain a bhíos ann idir geimhreadh agus samhradh.

Sa leathsféar thuaidh, is é cónocht an earraigh (nó cónocht an Mhárta) an chéad lá den earrach, a bhíos ann cúpla lá tar éis na Féile Pádraig (.i. ó 19–22 Márta),.

An tEarrach in ÉirinnCuir in Eagar

Tosaíonn an tEarrach ar an gcéad lá de mhí an Mhárta in Éirinn anois, agus leanann ar aghaidh go dtí deireadh mhí Bealtaine.[1] Ag an am seo tosaíonn ainmhithe agus plandaí ag dúiseacht tar éis dóibh a bheith ina gcodladh ar feadh geimhreadh fada. Éiríonn an aimsir níos teo agus na laethanta níos faide.

Féilire GaelachCuir in Eagar

San am atá thart, mheastaí gurbh é 1 Feabhra an chéad lá den earrach. Is é an chéad lá de mhí Feabhra (Lá Fhéile Bríde, nó Imbolc sa bhfíorsheanaimsir) tús an earraigh san fhéilire Gaelach (féilire gréine é sin) in Éirinn, .i. thart ar leath aimsire idir grianstad an gheimhridh i mí na Nollag agus cónocht an earraigh amach sa Márta.

Lá Bealtaine, nó an chéad lá de mhí na Bealtaine, tús an tsamhraidh san fhéilire Gaelach.

DúlraCuir in Eagar

Ar an 1 Feabhra, tá bláthanna an Earraigh le feiceáil in Éirinn de ghnáth, mar shampla an plúirín sneachta agus an cróch ina measc[2]. Tosaíonn bláthanna cosúil le tiúilipí agus los an chromchinn ag bláthú.

SeanfhocalCuir in Eagar

  • An té nach gcuireann san earrach, ní bhainfidh sé san fhómhar.

TagairtíCuir in Eagar

  1. met.ie. "Na Séasúir". Dáta rochtana: 2020.
  2. Eleathanach, 30 Eanáir 2018

an plúirín sneachta