Cónocht
Ciallaíonn cónocht go bhfuil an meid céanna dorchadas agus solas an lae ann, nó go sonrach, aon cheann den dá phointe ar an sféar neamhaí mar a dtrasnaíonn an t-éiclipteach an meanchiorcal neamhaí[1]. Ar an la seo, tá dhá uair an chloig déag de sholas an lae ann agus dhá uair an chloig déag den dorchadas.[2]
Go fisiciúil, is iad seo na pointí ag a dtrasnaíonn an ghrian an meánchiorcal neamhaí ina gluaisne bhliantúil:
- idir 21 Márta agus 23 Márta, Cónocht an Earraigh, nuair a thrasnaíonn an ghrian ón deisceart don tuaisceart (tá síneadh 4n14s bomaite de sholas an lae gach lá an tseachtain seo in Éirinn)
agus
- idir 21 Meán Fómhair agus 23 Meán Fómhair, Cónocht an Fhómhair, nó "Lá Leathach an Fhómhair" nuair a thrasnaíonn an ghrian ón tuaisceart don deisceart.

Ar na laethanta sin, is díreach os cionn an mheánchiorcail a bhíonn an ghrian. Titeann an oiread céanna solais agus teasradaíochta ón ngrian ar an leathchruinne thuaidh is a thiteann ar an leathchruinne theas. Bíonn an lá agus an oíche chomh fada lena chéile - go díreach - ag an am seo[3].
Tógtar cónocht an earraigh mar phointe nialais i gcórais comhordanáidí neamhaí.
TagairtíCuir in Eagar
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.