Sa mhatamaitic, bealach chun ionad pointe P a dhéanamh amach óna fhad r ó phol O is ón uillinn idir OP is bunlíne θ. Córas thar a bheith áisiúil is ea é chun cur síos ar ionaid phointí i leith pointe fhosaithe amháin. Mar shampla, is í cothromóid pholach ciorcail a bhfuil a lár ag O is a gha ar fhad a ná r = a. Is í cothromóid pholach an chiorcail trí O, le trastomhas ar an mbunline trí O, r = 2 a cos θ. Is féidir lúba is cuair a scríobh mar chothromóidí éasca i gcomhordanáidí polacha cosúil le r = a sin θ.[1]

Comhordanáidí polacha

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhordanáidí polacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 166.