Staid neamhaireachtálach is ea codladh ina léiríonn duine mothálacht an-bheag don domhan seachtrach[1]. Tá an néarchóras neamhghníomhach, na súile dúnta agus an comhfhios curtha ar fionraí.

Fir ina gcodladh

Bíonn dhá phas sa chodladh a ailtéarnaíonn i rith na hoíche:

  • I gcodladh domhain, léiríonn gníomhaíocht leictreach na hinchinne (an EEG, an leictreinceifileagram) tonnta deilte malla (codladh toinne maille, nó SWS).
  • Gach 90 nóiméad, briseann codladh mearchorraí súl (REM) isteach ar feadh 30 nóiméad. Sa dara pas seo, bíonn na matáin bogtha go hiomlán ach na súile dúnta ag corraí go tapa, an EEG mar a bheadh duine ina dhúiseacht ach ní bhíonn sé mothálach do spreagthaí.
EEG céim 2

Tarlaíonn brionglóidí le linn codladh REM, agus b'fhéidir le linn codladh SWS. Bíonn an timthriall codlata faoi stiúir ghníomhaíocht dheilíneach na néaróg i stoc na hinchinne.

Tá an codladh íocshláinteach don duine.

Táltar hormón an fháis le linn SWS.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2005)