Sáirséal Ó Marcaigh
foilsitheoir Éireannach
Teach foilsitheoireachta Gaeilge Éireannach ab ea Sáirséal Ó Marcaigh (nó Sáirséal agus Ó Marcaigh, nó Sáirséal - Ó Marcaigh, uaireanta) a tháinig i gcomharbacht ar Sáirséal agus Dill nuair a cheannaigh Caoimhín Ó Marcaigh teidil an chomhlachta ó bhaintreach Sheáin Uí hÉigeartaigh.
D'fhoilsigh Sáirséal Ó Marcaigh cuid mhaith de scéalta Mháirtín Uí Chadhain.
Bhí an chomhlacht lonnaithe ar Bhóthar Chríoch Mhór, Baile Átha Cliath 11. Thóg Cló Iar-Chonnachta teidil an chomhlachta ar láimh.[1]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Sáirséal Ó Marcaigh | CIC". www.cic.ie. Dáta rochtana: 2020-07-10.