Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae (paimfléad)
paimfléad
Paimfléad faoi pholaitíocht theanga na Gaeilge atá in Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae atá bunaithe ar léacht a thug Máirtín Ó Cadhain uaidh i Lúnasa na bliana 1969. D'fhoilsigh an grúpa stocaireachta Misneach é. San óráid, deir sé le Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh in 'Athghabháil na hÉireann'. Is ón bpaimfléad seo a thagann a ráiteas cáiliúil: Arm cathartha Gaeilgeoirí ar son na Gaeilge agus ar son na hÉireann a theastaíos anois. Is ann a deir sé gurb é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh freisin.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Máirtín Ó Cadhain |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | 1970 |
Foilsitheoir | Misneach |
Rinne Páirtí Cumannach na hÉireann aistriúchán go Béarla air dar teideal The Irish Language Movement, a Movement Astray. Seósamh Ó Díochan a d'aistrigh.
Féach freisin
cuir in eagar- Leagan scanáilte den phaimfléad https://irishcitizenarmy.tripod.com/gluaiseacht/gluaiseacht.html
- Aistriúchán go Béarla https://conor-mccabe.com/2023/01/31/mairtin-o-cadhain-the-language-movement-a-movement-astray-1969-trans-1970/