Máire Ní Annracháin
Is Ollamh Sinsearach Emeritus le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath í Máire Ní Annracháin a bhfuil spéis ar leith aici sa teoiric liteartha i litríocht na Gaeilge, agus sna naisc liteartha idir an cultúr gaelach in Éirinn agus in Albain. Is ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann í. Bhain sí PhD amach sa bhliain 1988, MA sa bhliain 1978 agus BA in 1975. Rugadh í sa bhliain 1955 i mBaile Átha Cliath. Tá sí pósta agus tá beirt chlainne uirthi.
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | ollamh |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Cúlra
cuir in eagarIs ollamh í Máire Ní Annracháin ó 2009, agus roimhe sin chaith sí tréimhse ag léachtóireacht in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici sa teoiric liteartha agus i nualitríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban araon. Ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain a bunaíodh a tráchtas dochtúireachta, a foilsíodh faoin teideal Aisling agus Tóir: an Slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain (An Sagart, 1992). Tá os cionn leathchéad alt acadúil scríofa aici agus roinnt imleabhar curtha in eagar aici féin nó i gcomhar le comheagarthóirí. Baineann na hailt is deireanaí léi le leanúnachas an traidisiúin liteartha agus le teanga fhíortha fhilíocht na Gaeilge. Tá comhaltachtaí taighde gnóthaithe aici in Éirinn, in Albain agus i Sasana a thacaigh léi ina cuid taighde, agus tá tréimhsí taighde caite aici i bPáras, i nDún Éideann, ar an Eilean Sgitheanach agus i Londain. Chaith sí roinnt blianta ina cathaoirleach ar Glór na nGael, ina ball de choiste stiúrtha Shabhal Mòr Ostaig in Albain agus de Choimisiún na Logainmneacha.
Réimsí Taighde
cuir in eagarTá dhá phríomhréimse taighde aici: an teoiric liteartha faoi mar a forbraítear í go hidirnáisiúnta a chur in oiriúint do litríocht na Gaeilge, agus na naisc liteartha idir an cultúr gaelach in Éirinn agus in Albain. Le roinnt blianta anuas, dhírigh a cuid taighde ar an gcéad réimse díobh sin ar cheisteanna a bhaineann leis an stair liteartha freisin. Fréamhacha gaelacha na nualitríochta, agus an t-athchóiriú a dhéantar ar na fréamhacha sin, is cúram do shraith aistí ar scríbhneoirí móra na nualitríochta: Máirtín Ó Cadhain, Biddy Jenkinson, Somhairle MacGill-Eain agus Seán Ó Ríordáin. Ina theannta sin is spéis léi an teanga fhíortha ann féin, agus go háirithe an bhéim a leagtar i gcuid mhaith de litríocht na Gaeilge ar an meatonaime seachas ar an meafar. Maidir leis an dara réimse taighde, bhí sé de nós aici dhá thrá a fhreastal: plé le litríocht an dá Ghaeilge in éineacht nó ar bhonn comparáide, agus plé le sainiúlacht litríocht Ghaeilge na hAlban ar a son féin. Mar sin tá aistí scríofa le gairid aici ar an nuafhilíocht sa dá thír mar aonad, ar shaothar Shomhairle MhicGill-Eain agus ar fhorbairt na húrscéalaíochta i nGaeilge na hAlban. Féachann sí leis an taighde liteartha a chur chun cinn trí imeachtaí a eagrú a thugan tús áite don litríocht agus a chuimsíonn an dá chultúr ghaelacha. Tá páirt glactha aici i sraith seimineár ar an litríocht in Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus comhdhálacha eagraithe aici ar an ábhar céanna, comhdháil do mhic léinn iarchéime i réimse na litríochta sa dá Ghaeilge i samhradh na bliana 2010, agus scoil samhraidh ar théama an cheangail idir an litríocht agus an stair i samhradh na bliana 2011.
Máire Ní Annracháin, sliocht as ‘Peann, Céachta: Cad is Fiú an litríocht a mhúineadh?’ in Ní Dhonnchadha, A. (eag.) Léachtaí Cholm Cille XLII, (An Sagart, 2012) -
"Ba dheacair an pholaitíocht a fhágáil go creidiúnach as an áireamh agus muid ag machnamh ar an bhfiúntas daonna. Is beag is fiú aon fhéiniúlacht nach ndearbhaítear go polaitiúil ar bhealach amháin nó a chéile. Ní hannamh ról lárnach ag an litríocht sa ghnó seo. Ceist bhunúsach a chuirtear nuair a bhíonn éileamh ag teanga nó canúint ar ardstádas, an bhfuil litríocht sa teanga nó sa chanúint sin. Ní raibh amhras ar lucht Athbheochan na Gaeilge ina thaobh, ná ar náisiúnaithe eile na hEorpa sa naoú haois déag. . . . Táthar ann i saol na Gaeilge a déarfadh go bhféadfaí an teanga agus an litríocht a scaradh ó chéile, agus an teanga a mhaolú ina stór focal scáinte, córas fuaimeanna an Bhéarla, deilbhíocht simplithe as éadan agus corr-iarsma comhréire. Lean an bóthar sin agus is gearr nach mbacfaidh muid leis an mbriathar a chur ag tús na habairte. Cad as an cúlú ó dhúchas na teanga? Ar an gcuid is fearr de, is léir gur le teann tiomantacht iarchoilíneach d’Éirinn nua a chuirtear ‘Gaeilge nua’ chun cinn, tiomantacht d’Éirinn nua-aimseartha, Éire nach bhfuil cuimhne aici ar an gcruach mhóna is ar an gcarn aoiligh ar bhog muid amach uathu fadó. Ach is tiomantacht í a bheas priaclach mura mbeidh sí sách cruthaitheach ina hagallamh leis an traidisiún."
Leabharliosta/Foilsitheoirí
cuir in eagarNí Annracháin (Máire): An gearrán a chaoin.
- In LCC 11 (1980), pp. 77–96.
Discusses the relationship of Colum Cille with nature.
- Ní Annracháin (Máire): Scéal scéalaí: gnéithe den insint i bhfilíocht scéaltach na Gaeilge.
In LCC 14 (1983), pp. 121–150.
- Ní Annracháin (Máire): An talamh agus an teanga fhíortha.
In Cruth na tíre (2003), pp. 136–165.
- McLeod (Wilson) (ed.), Ní Annracháin (Máire) (ed.): Cruth na Tíre: Wilson McLeod agus Máire Ní Annracháin a chuir in eagar.
Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2003. xxv + 358 pp.
- Ní Annracháin (Máire): Metaphor and metonymy in the poetry of Màiri nighean Alasdair Ruaidh.
In Fil súil nglais [Fs. C. Ó Baoill] (2007), pp. 163–174.
- Ní Annracháin (Máire): Cúirt an mheán oíche: saoirse agus fíorthacht.
In ECI 24 (2009), pp. 100–114.
- Teacs agus Comhtheacs: Gneithe de Chritic na Gaeilge (Irish Language)
Irish edition | by Maire Ni Annrachain and Briona Nic Dhiarmada, Maire Ni Annrachain, et al. | 1 Jan 1998
- Ní Annracháin, Máire (1991) The Highland Connection: Scottish Reverberations in Irish Literary Identity. Irish University Review, 21 (1). pp. 35-47. ISSN 1755-6198
- Ní Annracháin, Máire Aisling agus tóir: an slánú i bhfilíocht Shomhairle MhicGill-Eain, Maigh Nuad: An Sagart, 1992
- Ní Annracháin, Máire (ed.), Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Léachtaí Cholm Cille, 37, Maynooth: An Sagart, 2007.