Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ábhar foclóireachta a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus a d'fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann ar líne i 2021

Togra digiteach foclóireachta ó Acadamh Ríoga na hÉireann é Foclóir Mháirtín Uí Chadhain a tháinig amach sa bhliain 2021.

WD Bosca Sonraí LeabharFoclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cineálfoclóir ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinfocloiruichadhain.ria.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sé bunaithe ar an méid a scríobh Máirtín Ó Cadhain, faoi 850 ceannfhocal, ó chanúint a dhúiche féin agus ó mhórcheantar Gaeltachta na Gaillimhe. Áirítear sa mhéid sin 16,151 de shleachta samplacha ina bhfuil breis agus 500,000 focal de théacs ina iomláine. Cuireadh in eagar na bunlámhscríbhinní a chuir an Cadhnach chuig an nGúm idir na blianta 1937 agus 1946. Trí cinn d'eagráin den téacs atá i gceist: eagrán sa nualitriú, eagrán sa bhunlitriú, agus tras-scríbhinn den ábhar díreach mar a bhí sé ag an gCadhnach. Tá sé i gceist go gcuirfear tuilleadh ábhair leis amach anseo. Charles Dillon Eagarthóir Foclóir Stairiúil na Gaeilge ó Acadamh Ríoga na hÉireann.

Le linn na tréimhse úd, bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain ag obair faoi scéim de chuid an Ghúim ag bailiú focal agus leaganacha cainte as Gaeltacht na Gaillimhe. Agus é ag dul don obair, chuir Ó Cadhain breis agus aon mhilliún focal d’ábhar chuig an nGúm, agus is ionann sin agus é in ord agus in eagar agus breis is 1,000 ceannfhocal. Anuas air sin, chuir sé samplaí ar fáil, a bhí bunaithe ar chaint bheo na háite, mar léiriú ar bhrí agus ar úsáid na bhfocal. Tugann na blúiríní beaga seo léargas dúinn ar ghnáthshaol na Gaeltachta agus ar chur chuige cumadóireachta an údair féin freisin.

Foireann Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge, in Acadamh Ríoga na hÉireann, a rinne an obair ullmhúcháin ar théacs iomlán Fhoclóir Uí Chadhain a chur in eagar agus a fhoilsiú ar líne. Foilsíodh an foclóir mar chuid den tionscadal taighde Foclóir Stairiúil na Gaeilge. Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil d'Acadamh Ríoga na hÉireann, chun foclóir stairiúil a chruthú, a thabharfadh léargas cuimsitheach ar bhrí agus úsáid na Gaeilge le linn na tréimhse c.1600-2000.

Mhínigh an Dr. Charles Dillon go bhfuil tábhacht an-mhór le Foclóir Uí Chadhain de bharr go bhfuil sé ar an líon beag foclóirí Gaeilge-Gaeilge atá sa Ghaeilge. "Foclóir Gaeilge Gaeilge a cheap Máirtín Ó Cadhain ón tús agus a chuir sé faoina choinne a chur ar fáil. Foinse agus sampla luachmhar atá ann don té a bheadh ag iarraidh foclóir Gaeilge-Gaeilge comhaimseartha a chur ar fáil." Dúirt sé go raibh an saothar seo ina dhúshlán ag an meitheal a bhí ag obair air sa mhéid go raibh siad cleachtaithe a bheith ag plé le foclóirí dátheangacha i gcás na Gaeilge. "An sainmhíniú a bhíonn ar fhocal go minic, is i mBéarla a bhíonn sé nó i nGaeilge, ach seo anois an ceannfhocal, sainmhíniú, míniú agus samplaí agus iad ar fad i nGaeilge – rud atá fíor eisceachtúil agus rud a bheidh ina chabhair mhór amach anseo."

Níl litreacha uilig na haibítre san fhoclóir. Cuireadh Máirtín Ó Cadhain i ngéibheann i gCurach Chill Dara agus níor scaoileadh saor é go dtí an bhliain 1944. Ach lean sé air ag saothrú ar an bhfoclóir go dtí gur cuireadh deireadh leis an togra sa bhliain 1946.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar