Idir Shúgradh agus Dáiríre
bailiúchán gearrscéalta le Máirtín Ó Cadhain
Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair sa bhliain 1939 é Idir Shúgradh agus Dáiríre. Cuid de luathshaothair an Chadhanaigh atá i gceist dar le roinnt léirmheastóirí.
Scéalta an chnuasaighCuir in Eagar
AistriúcháinCuir in Eagar
Aistríodh cuid de scéalta an chnuasaigh go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity (Leagan de An Bóthar go dtí an Ghealchathair) le hEoghan Ó Tuairisc. D'fhoilsigh Poolbeg Press as Baile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.
Leabhair bunaithe ar an saotharCuir in Eagar
Scríobh Séamas Ó Murchú an leabhar Liosta focal as Idir Shúgradh agus Dáiríre a bhailíonn leaganacha canúnacha agus focail nach bhfuil eolas maith orthu orthu. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1982 ag Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.