Cead (cluiche)

cluiche traidisiúnta a imrítear in Inis Meáin

Cluiche is ea Cead a imrítear ar Inis Meáin ar Lá Fhéile Pádraig. Cleas na Slise a thugtar air freisin. Bíonn ar imreoirí 60 buille a chur thar an líne 40 méadar. Níl cead ach ag na fir é a imirt. As déil bhán nó hicearaí a dhéantar an ‘cead’, nuta beag adhmaid a bhuailtear. Bíonn an Corn Domhanda sa Chead le buachan ag Comórtas Cead Lá le Pádraig.

Filleann muintir an oileáin ar Inis Meáin ó ó chian is ó chóngar ar an 17 Márta, do Chorn Domhanda Ceid. Bíonn ceathrar captaen ann, a roghnaítear as buaiteoirí na bliana roimhe agus roghnaíonn na captaein seo foireann de sheisear nó seachtar ar an lá mór sa pháirc spóirt in aice le Trá Leictreach Inis Meáin.

Bailíonn na hoileánaigh idir óg agus aosta ina sluaite chun féachaint ar an gcluiche mar a thriaileann na himreoirí ar an ‘cead’ (píosa beag adhmaid) a ardú ón talamh le slat in aon bhuille amháin, agus an dara buille a bhualadh air mar atá sé san aer chun an cead a chur go ceann scríbe (rópa a leagtar amach ar an talamh 30 méadar uathu).

Má bhaintear an rópa amach, bronntar ‘poc’ ar an imreoir agus seasca poc de dhíth ar fhoireann chun an cluiche leathcheannais a bhaint amach.

Pé foireann a thugann bua an chluiche ceannais féin leo, bronntar an Corn Domhanda orthu agus greantar ainm gach buaiteora ar an gcorn a choinnítear ar taispeáint i dTeach Ósta Inis Meáin ó cheann ceann na bliana.[1]

Seo thíos cur síos ar an gcluiche, agus caighdeánú áirithe déanta air, ón suíomh Dúchas.ie.

Lá Fhéile Pádraig bíonn muid ag buaileadh cead... Nuair a bhítear ag buaileadh cead bíonn maide fada againn, bíonn píosa beag de mhaide againn freisin chomh ramhar le cois scuaibe agus timpeall trí orlaigh ar fhaid. Leagtar an giota beag suas le cloich nach bhfuil chomh hard leis an ngiota tugtar "pist" ar an gcloich agus tugtar "cead" ar an ngiota. Buailtear an chuid den chead atá ós cionn an phist leis an maide mór agus éiríonn an giota suas san aer buailtear go láidir leis an maide mór é ansin agus cuirtear tamall maith as láthair é, sin é an chaoi a n-imríonn muid an cead.

Bhíodh an cluiche á imirt go coitianta i gConamara agus luaitear é sa ghearrscéal Aois na hÓige de chuid Mháirtín Uí Chadhain. Anseo a bhuail sé deis is cead is a rinne sé "falach bhíog" is macnas an libh. lch 106 Idir Shúgradh agus Dáiríre. Tá cuntas eile ar Dúchas.ie, i mír ó Bhailiúchán na Scol a luann cead a bheith á imirt i gCois Fharraige ag páistí sna 1930idí.

Tá gaol ag cead leis an gcluiche Tip-cat.

Féach Freisin cuir in eagar

  1. "An Corn Domhanda Ceid á imirt ar Inis Meáin agus Lá Fhéile Pádraig faoi lán seoil" (en). Irish Independent (2024-03-20). Dáta rochtana: 2024-03-20.