Osclóidh seo an príomhroghchlár

Is paipéar nuachta Gaeilge míosúil Connachtach a bhí in An Stoc a mbíodh daoine acadúla a raibh baint acu le Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ina n-eagarthóirí air, sna 1920dí a d'fhoilsítí é. Bhí baint ag Colm Ó Gaora le bunú An Stoc. Tomas Ó Máille a bhí mar eagarthóir, agus ba é an t-Athair Tomas Ó Ceallaigh an bainisteoir. Mhair an nuachtán go dtí 1932. Scríobhadh Ó Gaora 'Cúinne an tSeanóra' go dtí 1921 ach ní raibh aon déileáil aige leis an bpáipéar ina dhiaidh sin mar thaobhaigh sé leis an gconradh Angla-Éireannach.

EagarthóiríCuir in Eagar

Ó 1917 go 1920 bhí Tomás Ó Máille ina eagarthóir ar An Stoc. In éineacht le Piaras Mac Canna, a dheartháir Pádraig, Eoin Mac Néill agus Pádraic Ó Conaire chuir sé gairm scoile amach faoin bpáipéar sin seachtain roimh Éirí Amach 1916. I measc na leabhar eile a scríobh sé nó ar chuir sé eagar orthu tá: An ghaoth aniar, 1920, giotaí as An Stoc.

Sholáthair Seán Ó hÓgáin dánta in An Stoc 1927-30 ach is de dhéantús Raiftearaí agus Chonnachtach eile a bhformhór. I measc na ndánta a chum sé tá caoineadh ar Phádraic in An Stoc, Samhain 1928.

Bhíodh scéalta do pháistí, arbh aistriúcháin cuid díobh, i gcló ag Domhnall Ó Ríordáin in An Stoc sna blianta 1924-26. Ó 1910 amach bhíodh aistí ag Eric Mac Fhinn in irisí mar An Claidheamh Soluis, An Branar, An Síoladóir, An Stoc,

Is i rith na tréimhse i nGaillimh a thosaigh Máirtín Ó Direáin ag scríobh agus pléann Mac Craith an prós a scríobh sé, ón gcéad phíosa in An Stoc, Márta 1931 anuas go 1938, 14 píosa ar fad, an chuid is mó díobh in Ar Aghaidh; taispeánann sé go bhfuil "snáth leanúnach aontachta idir na chéad aistí próis agus ceapadóireacht fhileata Uí Dhireáin."

ScríbhneoiríCuir in Eagar

D'fhoilsítí ábhar le Seosamh Ó Donnachadha in An Stoc. Bhí aistí i gcló ag Máire Ní Thuathail in An Stoc freisin.

Faoi 1926 bhí tosaithe ag Máirtín Ó Cadhain ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc.

Sholáthraíodh Conchubhar Maguidhir (c.1861–1944) amhráin a bhí bailithe aige do An Connachtach, An Claidheamh Soluis, An Stoc.

Faoin teideal Gael galánta ar lár bhí aiste ag Nioclás Ó Fagáin (1873–1929) ina thaobh in An Stoc, Iúil-Lúnasa 1929.

Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló ag Máire Ní Ghuairim (1896–1964) in An Stoc, Fái.

Thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig Tomás Ó Máille, eagarthóir An Stoc, go gairid tar éis gur athbhunaíodh an iris sin i 1923. Thaithíodh sé muintir na Gaeltachta thall, go háirithe muintir Chonamara, agus bhíodh a theach féin ina ionad caidrimh acu. Bhí litir a scríobh a chara Séamus Mac An Iomaire i gcló in An Stoc, Samhain/Nollaig 1926: Casadh Seosamh Daibhéid orm agus is geanúil cóir carthannach an duine é. Fear is Gaelaí ná é ní furasta fáil.

Chuir sé foclóirín le haiste le Séamus Mac an Iomaire in An Stoc, Bealtaine 1928

Bhí aiste ag Seán Ó Ruadháin (1883–1966) in An Connachtach chomh fada siar le 1907 agus scríobhadh sé freisin in An Stoc.

Ar 3 Márta 1862 a rugadh é do Peter Henry agus a bhean Bridget Kilgannon ag a dteach cónaithe, 10 De Beausoir Square, West Hackney, Londain. “General merchant” an cur síos ar shlí bheatha an athar sa teastas breithe agus deir Tomás Ó Concheanainn (An Stoc, Bealtaine 1930) go raibh gnó mórdhíola síoda aige agus cuid mhór de mhaoin an tsaoil. Fuair seisean bás nuair a bhí Seán faoi bhun bliain d’aois agus thug an mháthair ar ais go dtí a háit

- MAC ÉNRÍ, Seán Pádraig (1862–1930)

Scríobhadh Tomás Ó Monacháin scéalta in An Stoc 1925–8, faoin ainm Tomás Ó Mannacháin.

NaiscCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar