Tomás Ó Máille

scoláire Éireannach

Ba é Tomás Ó Máille an chéad Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Gaillimh ó 1909 go lá a bháis i 1938 (30 Márta 1880 - 15 Eanáir 1938). Bhí sé ar dhuine de mhór-scoláirí Gaeilge a linne.[1][2][3][4]

Infotaula de personaTomás Ó Máille
Beathaisnéis
Breith30 Márta 1880
Bás15 Eanáir 1938
57 bliana d'aois
Céim acadúilMáistir Ealaíon
céim dochtúireachta
Gníomhaíocht
Gairmacadóir, folk song collector (en) Aistrigh, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Tomás Ó Máille sna 1930idí, i gColáiste na hOllscoile Gaillimh

Beatha cuir in eagar

Saolaíodh an Máilleach do theaghlach rathúil i nGleann an Mháma i gConamara in 1880. Bhain sé céim B.A. Ollscoil Ríoga na hÉireann amach sa Cheiltis, sa Bhéarla agus sa Mhata-fisic i 1905. Oileadh é ansin i Manchain (bronnadh MA air ansiúd), Learpholl, Baden, Beirlín, agus Freiburg, áit ar bronnadh dochtúireacht Ph.D air sa bhliain 1909.

Teangeolaí cuir in eagar

Ó 1928 ar aghaidh, chruthaigh an Máilleach na céadta taifeadadh fuaime de chainteoirí Gaeilge as Connacht agus as an gClár, agus chuidigh le bailitheoirí agus scoláirí eile taifeadtaí a dhéanamh.

Poblachtánach cuir in eagar

Deartháir ba ea é le Micheál agus Pádraig Ó Máille, TD srl.

Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc.

Thacaigh an Máilleach leis na hÓglaigh agus le Colún Reatha Chonamara Thiar. Aithnítear go bhfuil oidhreacht spleodrach Uí Mháille ar chomhchéim le hoidhreacht a chomhghuallaithe i gCogadh na Saoirse, na h-intleachtóirí radacacha agus ceannairí an chultúir agus na polaitíochta, ina measc a chara Pádraig Mac Piarais agus na fir léinn Tomás Mac Donncha agus Éamon de Valera.

Pearsanta cuir in eagar

Phós sé Eibhlín Ní Scannláin ón bhFearann Fuar, Co. Chiarraí.. Ni raibh sé 58 bliain d'aois nuair a d'éag 15 Eanáir 1938.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Tomás Ó Máille - Ollscoil na Gaillimhe". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  2. "Ó MÁILLE, Tomás (1880–1938)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  3. History Show. "Culture and Citizenship: Tomás Ó Máille" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  4. "Ó Máille, Tomás | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  5. "Tomás Ó Máille, a native of Connemara, became the College’s first Professor of Irish in 1909 · University of Galway Digital Exhibitions" (en-US). exhibitions.library.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.