Alan Titley
Scoláire, staraí, scríbhneoir agus craoltóir is ea Alan Titley (An Titlíoch scaití) a rugadh sa bhliain 1947.[1]
Alan Titley | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Corcaigh, 1947, 28 Meitheamh 1947 (75 bliain d’aois) |
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste Phádraig, Droim Conrach |
Teangacha | An Ghaeilge an Béarla |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir, ollamh, iriseoir, drámadóir agus múinteoir ollscoile |
Fostóirí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
IMDb | nm2165957 |
SaolCuir in Eagar
Rugadh Alan Titley i gCorcaigh sa bhliain 1947 agus is ann a cuireadh scolaíocht air.
Chuaigh Titley le múinteoireacht agus d'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, áit ar bhuaigh sé an bonn óir sa teagasc.
Chaith sé tamall ag múineadh agus ag taisteal san Afraic agus é ina mhúinteoir i gcoláiste Oiliúna Mount Carmel sa Nigéir idir na blianta 1967 agus 1969. Bhí sé ag múineadh páistí bodhra i Scoil na mBuachaillí Bodhra sa Chabrach i mBaile Átha Cliath (ó 1969 go 1974).
Sa bhliain 1981 ceapadh é mar Cheann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig (Ollscoil na hÉireann, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Sa bhliain 2006 ceapadh Titley ina Ollamh le Nua‑Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.[2]
Tá an Titlíoch ina chónaí i nGlas Naíon, taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Tá cúigear clainne aige lena bhean Mary - Gavan, Keelan, Aoife, Bróna agus Fergal.[3]
SaotharCuir in Eagar
Is iriseoir, criticeoir, úrscéalaí, gearrscéalaí, agus drámadóir é Titley, agus is iomaí duais scríbhneoireachta atá buaite aige.
Tá Méirscrí na Treibhe (1978) suite in Iarthar Afraice agus cuntas ann ar an achrann a lean an neamhspleáchas.
Ansin tháinig Stiall Fhial Feola (1980), úrscéal, agus Eiriceachtaí agus Scéalta Eile (1987) óna lámh. Is minic an greann searbh agus an scigaithris le haithint ar a shaothar. Úrscéal stairiúil is ea An Fear Dána (1993) agus é bunaithe ar shaol Mhuireadhaigh Albanaigh Uí Dhálaigh, file.
Tá lé aige le ficsean gearr greannmhar, rud a chuir sé in iúl le Fabhalscéalta (1995) agus Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Léiríodh drámaí stáitse agus raidió dá chuid: bhí Tagann Godot (1991) le feiceáil in Amharclann na Mainistreach.
Foilsíodh Gluaiseacht, úrscéal faoin imirce, sa bhliain 2009.[4]
Tá criticeoireacht liteartha agus shóisialta Titley le fáil ar An tÚrscéal Gaeilge (1991) agus ar Chun Doirne (1997), bailiúchán aistí.
Tá colún Gaeilge aige ar an Irish Times darb ainm Crobhingne.
Seo rogha dá shaotharː[1]
GaeilgeCuir in Eagar
- Lámh, Lámh Eile, 2018
- An Bhean Feasa, 2014
- An Chuallacht Léannta: ceiliúradh ar Íosánaigh agus Léann na Gaeilge, 2013
- Rabhadh Dánta, 2013
- Smuf, 2012
- Na Drámaí Garbha, 2011
- Scríbhneoirí faoi chaibidil, 2010
- Gluaiseacht, 2009
- An réabhlóid mar ghníomh dínite, 2007
- Tyda, 2006
- Beir leat do shár-Ghaeilg Súil siar agus ar aghaidh, 2004
- Amach, 2003
- Leabhar Nóra Ní Anluain: céad scéal ó cheartlár na cruinne, 1998
- Chun doirne: rogha aistí, 1996
- Fabhalscéalta, 1995
- An cogadh in aghaidh na critice, 1994
- An fear dána, 1993
- An t-úrscéal Gaeilge, 1991
- Tagann Godot (dráma Beckett), 1991 T Clóchomhar, ISBN 978-1-906882-10-5
- Eiriceachtaí agus Scéalta Eile, 1987
- Stiall fhial feola, 1980
- Méirscrí na treibhe, 1978
- Máirtín Ó Cadhain: clár saothair, 1975
BéarlaCuir in Eagar
- The Dirty Dust. Cré na Cille, 2015
- The History of the Irish Book, vol. II, 2013
- Nailing Theses:selected essays, 2011
- A pocket history of Gaelic culture, 2000
Cláir faisnéiseCuir in Eagar
- Scéal na Gaeilge, TG4 2012[5]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 "UCC Research Profiles: Prof. Alan Titley, Nua-Ghaeilge (Modern Irish)". web.archive.org (2016-12-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-14. Dáta rochtana: 2022-09-04.
- ↑ Ionad Litríochta an Deiscirt (2016-03-05). "Alan Titley". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2022-09-04.
- ↑ "New life for 'darkly comic masterpiece'" (en). Irish Echo Newspaper. Dáta rochtana: 2022-09-04.
- ↑ Alan Titley (2009). "Gluaiseacht /". An Gúm,.
- ↑ NÓS (Eanáir 2021). "‘Scéal na Gaeilge’ Alan Titley ar fáil ar YouTube anois" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-04.