Arndt Wigger

teangeolaí Gearmánach

Scoláire Gearmánach is ea an Dochtúir Arndt Wigger (1943 - ) a bhfuil speisialtacht déanta aige den Nua-Ghaeilge agus a lán alt foilsithe aige ar ghnéithe difriúla di. Tá canúint Chonamara ar a thoil aige. Tá staidéar aige freisin ar Ungáiris, ar Phortaingéilis agus ar Araibis.

Infotaula de personaArndt Wigger
Beathaisnéis
Breith1943
80/81 bliana d'aois
Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn Ghaeilge
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata
canúint Chonamara ar a thoil aige

Tá dlúthbhaint aige leis an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen - SKSK (An Institiúid um Theangacha agus Chultúr na gCeilteach) in Ollscoil Bonn.

Rinne Dr Wigger staidéar ar an nGaeilge faoin Dr Hans Hartmann sna 1960idí. Bhí sé ag múineadh teangeolaíocht ghinearálta in Ollscoil Wuppertal anuas go dtí 2009. Tar éis dó tráchtas dar theideal Nominalformen im Conamara-Irischen (Foirmeacha Ainmniúla i nGaeilge Chonamara) a chríochnú i 1970 d’fhoilsigh sé a lán staidéar eile, go háirithe ar an Nua-Ghaeilge. Ina theannta sin, tá mórán téacsanna Gaeilge foilsithe aige atá bunaithe ar thaifeadáin. D’athchóirigh sé an t-eagrán Gearmáinise de théacsleabhar Gaeilge le Mícheál Ó Siadhail (1980).

Chuaigh sé i gceann dhá thionscnamh taighde, ceann acu ar chanúintí Gaeilge (1995-2000) agus ceann eile ar bhriathra Gaeilge (2005-2008), le maoiniú ó Fhundúireacht Taighde na Gearmáine. Mhol sé go mbunófaí an SKSK.

Rinne sé scannán faisnéise i 2012 do TG4 faoina sheanmhúinteoir Hans Hartman, fear a thaifead a lán cainteoirí Gaeilge i gConamara i ndeireadh na 1930í agus a chraolaigh bolscaireacht i nGaeilge ón nGearmáin i rith an Dara Cogadh Domhanda. Deir Wigger sa scannán go raibh ardmheas aige ar Hartman mar mhúinteoir ach go dtréigfeadh sé ar an bpointe é dá mbeadh a fhios aige go raibh Hartman ina iarbhall den Pháirtí Naitsíoch.

Monagraif cuir in eagar

- Nominalformen im Conamara-Irischen. 1970

- Córas Fuaimeanna na Gaeilge (le M. Ó Siadhail). 1975

Leabhair cuir in eagar

- Deutsch für arabische Germanisten. Ein grammatisches Übungsbuch. 1990

- Mícheál O Siadhail: Lehrbuch der irischen Sprache. 1985, 3. Aufl. Hamburg 2004. (Übersetzung/Bearbeitung)

- Caint Ros Muc (Téacs agus Foclóir). Baile Átha Cliath 2004

- Éigse Chonamara (Texte und Übersetzungen). Aachen 2007

- Bádóireacht. (Texte und Übersetzungen. Mit Feargal Ó Béarra). Aachen 2012

Ailt cuir in eagar

- “Preliminaries to a generative morphology of the Modern Irish Noun.” (Ériu, 23, 1972)

- “Grammatik und Sprachverwendung in der Satzordnung des Neuirischen.” (Fs. W. Giese. 1972)

- “Towards a generative phonology of the Modern Irish Noun.” (Linguistics, 109, 1973)

- “Sprachenpolitik und Sprachplanung im nachkolonialen Irland.” (OBST, 4, 1977)

- “Irish dialect phonology and problems of Irish orthography.” (Occasional Papers in Linguistics and Language Learning, 6, 1979) – Irisch. (SL, 8/9, 1980)

- “The pregnant director and his male daughters. On sex coming to life in German word-formation.” (OBST, Beiheft 3, 1979)

- “Kategoriale und begriffliche Probleme der Forschung über Sprach(en)politik.” (Mit H. Glück). (OBST, 12, 1979)

- “Kritische Bemerkungen zum phonematischen Prinzip in Theorie und Praxis der Verschriftung.” (Sprache & Herrschaft, 15, 1984)

- “Überlegungen zur kontrastiven Grammatik Deutsch - Arabisch.” (Al Azhar University Faculty of Languages and Translation Studies 1986)

- “Die Darstellung des Wortakzentes im Arabischen.” (Studien zur Theorie des Lexikons. 1993)

- “Comparing Arabic.” (Beiträge zur kontrastiven Linguistik. Hg.: M. Markus. 1993)

- “Stand und Aufgaben der irischen Dialektologie.” (1. Keltologisches Symposium, April 1992. Hg.: M. Rockel, S. Zimmer. 1993)

- “Aspekte der Redewiedergabe im gesprochenen Irischen.” (Zeitschrift für celtische Philologie, 49/50, 1997)

- “Empirische Beobachtungen zu Sprachkontaktphänomenen im gesprochenen Irischen.” Akten des 2. Symposiums deutschsprachiger Keltologen. Bonn 1997. Hg.: S. Zimmer. 1998)

- Zu den sogenannten Echoformen des neuirischen Verbs. In: Bublitz, Wolfram et al. (eds.): Philologie, Typologie und Sprachstruktur. Festschrift für Winfried Boeder. Frankfurt/Main etc. 2002. S. 411–431

- "Es schlug ein Stolpern aus ihm, dass er verloren ging." Kontrastive Studie zu irisch-deutschen Verbäquivalenzen. In: Wigger, A. (ed.): Transceltica. Übersetzung keltischer Literatur in mitteleuropäische Sprachen. Aachen 2004. S. 69-82

- Advances in the lexicography of Modern Irish verbs. In: Bloch-Rozmej, A. (ed.): Issues in Celtic Linguistics. = Lublin Studies in Celtic Languages 5 (2008). pp. 233-250

- An modh coinníollach neamhchoinníollach. Dátaí agus smaointe i dtaobh mhodhanna briathartha na Gaeilge. In: MacCraith, M. & P. Ó Héalaí (eag.): Diasa Díograise. Aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán 2009. lch. 475 - 489

- Review of: Ó Curnáin, Brian: The Irish of Iorras Aithneach. In: Zeitschrift für celtische Philologie 57 (2009/10). S. 246-257

- The role of German-speaking scholars in the study of Modern Irish. In: Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, vol. 139, 2009 [2011]. pp. 101-110

- Variatio delectat ? Analyse und Diskussion intradialektaler Variation im Irischen. In: Bachmann, R., K. Himstedt & C. Mogharbel (eds.): Form und Struktur in der Sprache. Festschrift für Elmar Ternes. Hamburg 2010

- Cuir, caith, leag and other placement verbs. In: Zimmer, Stefan (ed.): Kelten am Rhein. Akten des 13. Internationalen Keltologiekongresses. 2. Teil: Philologie. Sprachen und Literaturen. Mainz 2010. S. 309 - 317

- Denken und glauben im Neuirischen: Syntax und Semantik ausgewählter kognitiver Verben. In: Stüber, Karin et al. (Hrsg.): Akten des 5. Deutschsprachigen Keltologensymposiums Zürich 2009. Wien 2010. pp. 427 - 446

- On defective verbal nouns in Modern Irish. In: Hickey, Raymond (ed.): Researching the Languages of Ireland. Acta Universitatis Upsaliensis. Studia Celtica Upsaliensia 8, 2011. pp. 137-158

Foinsí cuir in eagar

Dr. Arndt Wigger: Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen - SKSK [1]

Deutscher Akademischer Austauschdienst (DAAD)/ Deutscher Germanistenverband [2]

Denis O’Donghue, “Glaoch ón Tríú Reich (‘A call from the Third Reich’),” History Ireland, Issue 1, Jan/Feb 2013 [3]

“Glaoch ón Tríú Reich” (scannán a rinne MindTheGapFilms do TG4) [4]

Tagairtí cuir in eagar