Mícheál Ó Siadhail
Is fear léinn agus file Éireannach é Mícheál Ó Siadhail a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 12 Nollaig 1947. Scríobh sé an téacsleabhar tábhachtach Gaeilge úd Learning Irish, agus é bunaithe ar Ghaeilge Chonamara. Thairis sin, d’fhoilsigh sé an leabhar Modern Irish: Grammatical Structure and Dialectal Variation, tráchtas ceannródaíoch ar an nGaeilge a thugann léargas cuimsitheach ar struchtúr na gcanúintí go léir. I ndiaidh a sheal a chaitheamh i mbun taighde ar an nGaeilge, áfach, chuaigh sé le filíocht Béarla, rud a thabhaigh roinnt mhaith duaiseanna liteartha dó in imeacht na mblianta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Eanáir 1947 77 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Choill Chluana Gabhann |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht, teangeolaíocht agus an Ghaeilge |
Gairm | file, teangeolaí, múinteoir ollscoile |
Ball de | |
Teangacha | Béarla, an Ghaeilge agus an tSeapáinis |
Suíomh gréasáin | osiadhail.com |
Sa bhliain 1970 phós sé Bríd Ní Chearbhaill, arbh as Gaoth Dobhair, Gaeltacht Thír Chonaill, di. Chaith Bríd na blianta fada ina múinteoir i mBaile Átha Cliath, ach ansin b’éigean di éirí as nuair a buaileadh breoite le galar Parkinson í.