Galar Parkinson
Galar meathlaithe néareolaíoch é Galar Parkinson. Meathann cuid ar leith den inchinn ar a dtugtar an substantia nigra.[1] An comhartha is mó a bhíonn orthu ná creathán sna matáin.
Fiseolaíocht
cuir in eagarIs amhlaidh a thagann meath ar chuid ar leith den inchinn, an substantia nigra, mar a thugtar uirthi. Táirgeann na fíocháin seo dopaimín, a ndéanann an cholainn na horrnóin eipineifrín is nóreipineifrín as.
Is néaratharchuradóir é an dopaimín freisin, agus éiríonn na matáin a soláthraíonn na nearóin mheata iad stalctha (cailltear dreach athraitheach aghaidhe, mar shampla) agus is deacair leo gluaiseacht a thosú.
Cúiseanna
cuir in eagarAr sheandaoine a thagann an aicíd seo den chuid is mó. Cuireann sé isteach ar suas le 2.5% de dhaoine os cionn 70 bliain d'aois i Meiriceá.
Buaileann an aicíd seo roinnt daoine a bhaineann úsáid as drugaí áirithe mídhleathacha agus as cogais leighis freisin.
Bhí an aicíd seo ag cuid mhaith daoine thart fán domhan tar éis dóibh bheith buailte leis an galar fliú na muc ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus is féidir é a fháil mar chuid den ghalar SEIF.
Is féidir é a tholgadh freisin de bharr bheith buailte sa chloigeann arís agus arís eile cosúil le Muhammad Ali.
Leigheas
cuir in eagarAinneoin an-chuid taighde, níl leigheas go fóill ar an aicíd seo.
Stair
cuir in eagarAinnmithe as an lia Briotanach James Parkinson (1755-1824).
Rinne Arvid Carlsson taighde ar an néaratharchuradóir dopaimín agus a róI i ngalar Parkinson.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolas" (Coiscéim).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |