Íomháú athshondais mhaighnéadaigh

Is teicníc íomháithe leighis í íomháú athshondais mhaighnéadach (ÍAM) a úsáidtear sa raideolaíocht chun pictiúir a fhoirmiú d’ anatamaíocht agus de phróisis fiseolaíocha an choirp. Úsáideann scanóirí um Íomháú Athshondais Mhaighnéadaigh réimsí maighnéadacha láidre, grádáin réimse maighnéadacha, agus tonnta raidió chun íomhánna de na horgáin sa chorp a ghiniúint. Ní bhíonn x-ghathanna i gceist le hÍAM ná úsáid na radaíochta ianaí, a dhéanann idirdhealú idir é agus scanadh tomagrafaíoch ríomhairithe (STR) agus tomagrafaíocht astúchán posatrón (TAP). Is feidhm leighis í ÍAM d' athshondas maighnéadach núicléach (AMN) gur féidir a úsáid freisin le haghaidh feidhmeanna AMN, mar speictreascópacht AMN .

Infotaula equipament informàticÍomháú athshondais mhaighnéadaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm gearrIRM, МРТ, MRI, MRT agus RM
Sampla detástáil leighis
Sonraí bunúsacha
Bunaithe arathshondas núicléach maighnéadach
Codanna seicheamhacha d'ÍAM inchinne, ag taispeáint slisní i gcomhthráth trí na plánaí trasnacha, saighdeacha agus corónacha (clé go deas)
Íomhá chomhcheangailte ÍAM/TAP de cheann daonna.