Tomagrafaíocht ríomhairithe X-ghathach
Tugtar tomagrafaíocht ríomhchuidithe (CAT) air freisin. Sa chóras íomháithe seo rothlaítear an feadán X-ghathach, agus an braiteoir trasna an trastomhais ón bhfeadán, mórthimpeall cholainn an othair. Déantar sraith tomhais X-ghathanna a ghlacann an braiteoir, stóráiltear iad sa ríomhaire, agus tógann an ríomhaire íomhá de shlisne nó trasghearradh tríd an gcolainn ó na tomhais sin. Gluaistear an t-othar tríd an meaisín de réir a chéile chun sraith íomhánna trasghearrthacha a dhéanamh de na fíocháin amhrasacha. Le feabhsuithe móra ó na 1970idí, is féidir íomhánna daite ardghéire a dhéanamh chun airíonna ar leith a thabhairt chun suntais, agus na cineálacha éagsúla fíochán a idirdhealú go soiléir. An-tábhachtach i bpleanáil radaiteiripe chun an gníomhú a fhócasú ar na réigiúin bheaga ailseacha is an dáileog a laghdú an oiread agus is féidir do na fíocháin shláintiúla.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tomagrafaíocht ríomhairithe X-ghathach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |