L-DOPA
Clé-dopa, C9H11NO4, déhiodrocsaifeiniolalainín, díorthach catacóil ó phlandaí, atá in ann coimpléisc láidre a dhéanamh le miotail. Úsáidtear é i gcóireáil ar dhaoine le galar Parkinson, agus laghdaíonn sé na siomptóim i 65% de na cásanna. Tuairiscíodh go luath tar éis a thabhairt isteach sna 1970idí gur fheabhsaigh sé an libídeo fireann i mionlach na n-othar, ach meastar nár de bharr an druga ach de bharr an fheabhsaithe sna hothair é sin, agus is cinnte go bhfuil sé neamhéifeachtach mar afraidíseach.[1]
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 197.069 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | sceach gheal, Mucuna holtonii, Mucuna urens, Amanita muscaria, Ascophyllum nodosum, Astragalus hamosus, Crataegus oxyacantha, Mucuna birdwoodiana, Mucuna interrupta, Mucuna macrocarpa, Mucuna lamellata, Mucuna sempervirens, Portulaca grandiflora, Stemonitis herbatica, Homo sapiens, minphéist, Mucuna pruriens var. utilis, Mucuna pruriens, Musa cavendishii, Oryza sativa, Crataegus laevigata agus pónaire leathan |
Ról | antiparkinson (en) , dopaminergic (en) agus developmental toxicant (en) |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₉H₁₁NO₄ |
SMILES canónta | Model 2D C1=CC(=C(C=C1CC(C(=O)O)N)O)O |
SMILES isiméireach | C1=CC(=C(C=C1C[C@@H](C(=O)O)N)O)O |
InChI | Model 3D |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "L-DOPA". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 397.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |