Ascophyllum nodosum
Speiceas de Phaeophyceae nó d'algaí donna, san fhine Fucaceae is ea Ascophyllum nodosum agus an t-aon speiceas sa ghéineas Ascophyllum. Is feamainn de chuid an Aigéin Atlantaigh Thuaidh í, ar a dtugtar an fheamainn bhuí nó feamainn bhuí Thuaidh-Atlantach uirthi. Tá sí ar fáil go coitianta ar chósta thuaidh thiar na hEorpa (ó Svalbard go dtí an Phortaingéil) lena n-áirítear an Ghraonlainn thoir [1] agus ar an chósta thoir-thuaidh de Mheiriceá Thuaidh. [2]
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Chromista |
Fíleam | Ochrophyta |
Aicme | Phaeophyceae |
Ord | Fucales |
Fine | Fucaceae |
Géineas | Ascophyllum |
Speiceas | Ascophyllum nodosum |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Cur síos
cuir in eagarBíonn froinn fhada righne agus ba gheall le leathar [3] ag A. nodosum, a fhásann go mírialta déscartha ar uillinn,[4] le bolgáin aeir mhóra ubhchruthacha, leagtha amach i sraitheanna ag eatraimh rialta ar feadh na bhfrún ach neamhghasach. Is féidir leis na froinn fás go dtí 2 m ar fhad agus daingníonn ríosóidigh an fheamainn leis na carraigeacha. Tá dath glasbhuí,[5] glasdhonn ar na froinn, agus beagán comhbhrúite, ach gan meánfhéith.[6]
Atáirgeadh
cuir in eagarTá saolréim an phlanda dioplóidigh agus gaiméití. Tá gach planda aonair fireannach nó baineannach. Táirgtear na gaiméití san earrach] i gcoimpreáin leabaithe i ngabhdáin buí ar chraobhacha gearra. [7]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Ascophyllum nodosum (Linnaeus) Le Jolis". AlgaeBase.
- ↑ W. R. Taylor (1962). "Marine Algae of the Northeastern Coast of North America". Ann Arbor, University of Michigan Press.
- ↑ Bunker, F.StP., Maggs, C.A., Brodie, J.A. and Bunker, J.A. 2017. Seaweeds of Britain and Ireland. Second Edition. Wild Nature Press, Plymouth, UK. ISBN 978-0-9955673-3-7
- ↑ Newton, L. 1931. A Handbook of the British Seaweeds. British Museum, London
- ↑ Harvey, W.H. 1841. A Manual of the British Algae: London, John van Voorst, London
- ↑ S. Hiscock (1979). "A field key to the British brown seaweeds (Heterokontophyta)". Field Studies 5: 1–44.
- ↑ H. Stegenga, J. J. Bolton & R. J. Anderson |year=1997 |teideal=Seaweeds of the South African West Coast |publisher=Bolus Herbarium Humber 18, University of Cape Town |isbn=0-7992-1793-X}}